Na comhábhair:
2 clóbh gairleoige, gearrtha go mín
Sinséar, 5cm fé ghráta
1 oinniún, gearrtha
½ tsp piobar chéin
1 tsp purée trátaí
2 sillí, gearrtha
3 bsp cnó cócó triomaithe
2 bsp almóinn mheilte
Glac lus an choire
2 tsp síolta cuimín
1 tsp síolta lus an choire
1 tsp tuirmiric
1 tsp salann
500g cloicheán
300g piseanna glasa nó mangetout
1 stán bainne cnó cócó
300g rís basmati
500g stoc sicín nó glasraí
2 clóbh gairleoige, gearrtha go mín
1 oinniún, gearrtha go mín
½ tsp síolta lus an choire
8 clóbh
1 maide cainéil
2 duilleog labhrais
½ tsp tuirmiric
Tóstáil na síolta i bhfriochtán go ceann nóiméid nó dhó agus cuir i leataobh iad. Dein an t-oinniún, an ghairleog agus an sinséar a chócaráil i bpota mór le 1 bsp íle ar theas íseal go ceann 10 nóiméad. Caith isteach na comhábhair go léir seachas lus an choire, cóiméad siar é sin.
Lig don iomlán cócaráil amach go ceann 15 nóiméad. Lig dó fuarú tamall agus caith an meascán ar fad isteach i bpróiseálaí bídh agus bris é go mbeidh taos deas mín agat.
Nigh an rís le huisce fuar go ceann cúpla nóiméad. Dein na spíosraí a mhuilleáil le tuairgnín agus moirtéar. Cócaráil an t-oinniún, an ghairleog agus na spíosraí in ábhairín ime go ceann cúpla nóiméad. Caith isteach an rís agus an stoc, clúdaigh agus ísligh an teas. Cócaráil ar theas an-íseal go ceann 15 nóiméad. Cas as an teas agus fág clúdaithe go ceann 5 nóiméad eile. Úsáid forc chun an rís a dhéanamh deas éadroim.
Cuir an taos isteach i bpota agus téigh suas é. Caith isteach an bainne cnó cócó agus measc le chéile é. Caith isteach na cloicheáin agus na piseanna go ceann 5 nóiméad.
Bheadh arán naan deas leis an mbéile seo leis. Neam neam!