Aoife sa Chistin: Maróg Sheacláide

Oideas deas simplí agus ana-bhlasta!

Na comhábhair

150g seacláid dhorcha (52% ar a laghad)
150g fanaile 
150ml uisce bog 
100g siúcra mín
4 ubh
25g plúr éiritheach

Teocht an oighinn @ 200c/180c Fean-oigheann/Gásmharc 6.

Leáigh an tseacláid agus an t-im le chéile. Chomh luath is atá siad leáite, bain den dteas iad. Cuir an fanaile, an siúcra agus an t-uisce bog leis. Lean ort ag meascadh go mbeidh an meascán deas mín. Cuir an plúr leis agus lean ort á mheascadh. Dein na huibheacha a scagadh.

Gread na gealacháin go raibh cruacha arda agat; fill na gealacháin isteach sa mheascán seacláide agus isteach leis sa mhias phióige. Cuir an mhias phióige i bain-marie agus bácáil go ceann 10 nóiméad é. Ansan ísligh an teocht go 160c agus bácáil go ceann 15-20 nóiméad eile.

Is féidir é a ithe té nó fuar le huachtar nó crème fraiche

Neam neam!

SCÉALTA EILE