Aoife sa Chistin: Meireangaí le mús seacláide báine agus síoróip chaife

Na comhábhair

8 gealachán uibhe
400g siúcra donn
1tsp fanaile

An mús

300ml uachtar
200g seacláid bhán leáite

An tsíoróip chaifé

200g siúcra mín
300ml espresso

Teas an oighinn: 120˚C (fan)
Cuir párpháipéar isteach in dá stán bácála. 

Gread na gealacháin agus an salann ar feadh cúig nóiméad. Cuir 1 bsp siúcra donn sa turas leis na gealacháin agus lean ort ag greadadh go dtí go mbeidh na cruacha tiubh agus righin. Roinn an meireang ina dheich gcuid sa dá stán. Bácáil an meireang ar feadh uair an chloig agus 45 nóiméad. Múch an t-oigheann agus fág an meireang san oigheann oscailte go dtí go mbeidh sé fuar.

An Mús

Leáigh an tseacláid bhán. Gread an t-uachtar go mbeidh cruacha boga agat. Cuir spúnóg mhór uachtair isteach leis an tseacláid bhán agus measc é. Ansin, cuir isteach an fuílleach uachtair. Clúdaigh agus cuir isteach sa chuisneoir é go ceann uair a chloig. 

An tsíoróip

Cuir an siúcra agus an caife isteach i bpota agus téigh é go deas mall. Dein é a chorraí go mbeidh an siúcra leáite. Suanbhruith go ceann 10 nóiméad. Lig dó fuarú go ceann tamaill.

Srathaigh na meireangaí agus an mús in airde ar a chéile. Doirt an tsíoróip in airde ar na meireangaí. 

Neam neam!

Is cócaire í Aoife Ní Chiobháin sa bhialann Solas i nDaingean Uí Chúis agus bíonn sí le cloisteáil ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta go minic.

SCÉALTA EILE