Aoife sa Chistin: Picilí Cúcamar agus Oinniún Dearg

Picil Chúcamar

Na Comhábhair

3 Chúcamar 

225g Siúcra

150ml Fínéagar

1sp Salann

1sp Finéal nó lus mín, gearrtha go mín

Téigh an siúcra agus an fínéagar i bpota go dtí go mbíonn an siúcra leáite. Gearr na cúcamair ina sliseanna fíorthanaí. Is fearr maindilín nó próiseálaí bídh a úsáid chuige seo. 

Cuir na cúcamair sliste isteach i mbabhla agus cuir an salann tríothu. Fág an meascán go ceann uair a chloig. Cuir an siúcra leáite agus an fínéagar leis na cúcamair saillte. Caith isteach an finéal nó an lus mín. Cuir an meascán isteach i bpotaí steirilithe.

Picil Oinniún Dearg

Na Comhábhair

1kg Oinniún dearg

225g Siúcra

150ml Fínéagar

1sp Salann

1sp Síolta mustaird

Téigh suas an siúcra, an fínéagar agus na síolta mustaird i bpota go dtí go mbíonn an siúcra leáite. Gearr na hoinniúin ina sliseanna fíorthanaí. Is fearr maindilín nó próiseálaí bídh a úsáid chuige seo. Cuir na hoinniúin sliste isteach i mbabhla agus dein iad a mheascadh leis an salann. Fág an meascán go ceann uair a chloig. Cuir an siúcra leáite agus an fínéagar leis na hoinniúin saillte. Cuir an meascán isteach i bpotaí steirilithe.

SCÉALTA EILE