Na comhábhair:
4 práta, scúite agus gearrtha (2.5cm)
30g im
425ml bainne
1 oinniún, gearrtha
1 cairéad, gearrtha
2 gas soilire, gearrtha
Brobh beag peirsile
Duilleog labhrais
10 piobarchaor iomlán
40g Im
20g plúr
½ tsp mustard Francach
¼ tsp noitmig
Salann agus Piobar
450g/1lb iasc geal (trosc nó colmóir srl), craiceann bainte agus gearrtha
150g cadóg dheataithe, craiceann bainte agus gearrtha
100g cloicheán, sliogán bainte agus gearrtha
Brobh síobhais, gearrtha go mín.
Teocht an Oighinn @ 230c.
Cócaráil na prátaí i bpota le huisce beirithe go ceann 8-10 nóiméad. Dein iad a scagadh agus brúigh iad leis an im. Blaistigh le salann agus piobar agus fág i leataobh.
An tAnlann Bán/ Béchamel:
Téigh an bainne i bpota leis an oinniún, an cairéad, an soilire, an peirsil, an duilleog labhrais agus an piobar go ceann 5-7 nóiméad ar theas íseal. Dein scagadh ar an mbainne. Ansan, dein an t-im a leá i bpota agus measc an plúr isteach leis. Dein cócaráil ar an roux go ceann 2 nóiméad ar theas íseal. (Teastaíonn uait an plúr a chócaráil ach gan í a dhó!) Doirt isteach an bainne píosa ar phíosa agus lean ort á mheascadh. Caith isteach an mustard agus noitmig ag an deireadh.
Measc na héisc le chéile agus caith isteach i mias bácála iad. Doirt an t-anlann béchamel in airde air san agus clúdaigh leis na prátaí brúite. Dein é a bhácáil san oigheann go ceann 30-35 nóiméad.
Maisigh le síobhais! Neam neam!