Aoife sa Chistin: Pióg phuimcín

Tá Oíche Shamhna caite agus na puimcíní ar leathphraghas sna siopaí ar fud na hÉireann. Cad a dhéanfá ach pióg phuimcín!

Na comhábhair:

500g taosrán briosc-chrústa
1 puimcín imchnó, gearrtha ina cheathrúna
¼ tsp noitmig
¼ tsp sinséar tirim
¼ tsp cainéil tirim
4 bsp síoróip Mhailpe
6 bsp siúcra castar
3 ubh
200ml uachtar

Stán pióige 22cm

Las an t-oigheann go 200ºC. Rolláil amach an taosrán agus líon an stán pióige. Dein bácáil chaoch ar an taosrán go ceann 20 nóiméad agus lig dó fuarú. 

Róst an puimcín imchnó, na spiosraí agus síoróip mhailpe go ceann 35/40 nóiméad. Lig don bpuimcín fuarú tamall.

Ísligh teocht an oighinn go 180ºC. Bain amach an t-iomlán as an bpuimcín, Caith uait an craiceann. Bris suas an puimcín i bpróiseálaí bídh go mbeidh sé deas mín. Measc leis chéile an puimcín, na huibheacha, an siúcra agus an uachtar. Doirt an meascán in airde ar an taosrán agus bácáil go ceann 45 nóiméad ag 180ºC.

SCÉALTA EILE