Na comhábhair
½ sealbhacán uisce (750g), gearrtha
2 seallóid, gearrtha
100ml Íle olóige
½ sú líomóide agus a craiceann
Salann agus piobar
75g Grabhróga aráin
2 clóbh gairleoige, gearrtha go mín
½ sillí, gearrtha go mín
2 bsp capras, gearrtha go mín
50g almóinn, scilte
Brobh mismín
300g Halloumi, gearrtha ina shaighdiúirí
Gearr an mealbhacán – cnapáin bheaga atá ag teastáil.

Cuir na cnapáin mhealbhacáin isteach i mbabhla leis na seallóidí. Cuir an sú líomóide, 4 bsp íle olóige, an salann agus an piobar leis an mealbhacán agus seallóidí. Clúdaigh agus cuir isteach sa chuisneoir go ceann 20 nóiméad.

Na grabhróga aráin
Téigh an chuid eile den íle olóige i bhfriochtán. Frioch na grabhróga aráin san íle go mbeidh dath órga orthu. Cuir an ghairleog, an sillí agus na caprais leis seo agus cócaráil go ceann aon nóiméad eile. Ansan, caith isteach na halmóinní. Bain den dteas é.

Clúdaigh an Halloumi le braoinín beag íle olóige agus téigh grideall agus dathaigh an cháis – cúpla nóiméad an taobh. Measc an meascán mealbhacáin agus an meascán grabhróg le chéile. Caith an mismín stracaithe in airde air sin.

Cuir isteach i bpláta mór groí é. Dein an cháis agus an craiceann líomóide a leathadh in airde ar an meascán.
Neam neam!