Aoife sa Chistin: Shakshuka

Na comhábhair

2 bsp íle olóige
1 oinniún, gearrtha go mín
4 clóbh gairleoige, gearrtha go mín
1 piobar dearg, gearrtha
2 tsp paiprice
1 tsp cuimín
1 stán trátaí
4 ubh
50g feta
1 abhacád, gearrtha
Salann & piobar
Brobh lus an choire, gearrtha go mín
Brobh peirsil, gearrtha go mín

Téigh an íle olóige i bhfriochtán. Cuir isteach an t-oinniún agus cócaráil go ceann 5 nóiméad, deas íseal. Cuir an piobar dearg leis agus lean ort á chócaráil go ceann 5 nóiméad eile. Cuir an ghairleog agus na spíosraí leis agus cócaráil go ceann nóiméad eile. Ansan, cuir an stán trátaí leis. Blaistigh le salann agus piobar agus dein an t-anlann a shuanbhruith go ceann tamaillín eile.

Dein ceithre cinn do thoibreacha san anlann le spúnóg mhór agus bris ubh amháin i ngach tobar. Clúdaigh an friochtán agus lean ort á shuanbhruith go mbeidh na h-uibheacha cócaráilte.

Maisigh le lus an choire, peirsil, feta agus abhacád. 

SCÉALTA EILE