Aoife sa Chistin: Sicín Tandoori

Na comhábhair

2 liomóid, sú amháin
4 bsp paiprice
2 oinniún dearg, gearrtha go mín
16 ceathrú sicín
1 bsp íle
1 tsp salann

An mharanáid

300ml iógairt Ghréagach
2cm sinséar gearrtha
1 tsp garam marsala
1 tsp púdar cuimín
½ tsp púdar shillí 
½ tsp turmeric
1 tsp salann
½ tsp piobar

Measc le chéile an sicín, sú líomóide, an paiprice, na hoinniúin, an salann agus an íle i mbabhla. Fág i leataobh go ceann 10 nóiméad an meascán.

Measc le chéile an mharanáid. Caith isteach an sicín agus fág go ceann uair a chloig ar a laghad nó thar oíche más féidir.

Cócaráil ar an mbbq nó sa ghríoscán, sé nóiméad an taobh go dtí go mbeidh dath deas órga orthu.

Críochnaigh le iógairt Ghréagach agus lus an choire.