Na comhábhair
600g filléad mairteola
2 bsp íle
1 oinniún gearrtha ina stráicí
1 clóbh gairleoige gearrtha go mín
300g muisiriún
40g im
500ml stoc mairteola
2 bsp plúir
1 bsp mustard (dijon)
150ml uachtar géar
Salann agus piobar
Peirsil agus síobhas gearrtha go mín
Téigh 1 bsp íle i bhfriochtán. Dein an fheoil a chócaráil ar feadh nóiméid go raibh dath deas órga air. Cuir i leataobh an fheoil. Ardaigh an teocht agus caith isteach an t-im. Cócaráil na hoinniúin, an ghairleog agus na muisiriúin go ceann 5 nóiméad. Ba cheart go mbeadh dath deas órga orthu.
Caith isteach an plúr agus cócaráil ar feadh nóiméid. Bí cinnte é a mheascadh le spúnóg adhmaid. Doirt isteach leath an stoic mairteola agus measc é. Tiocfaidh an meascán le chéile. Doirt isteach an chuid eile don stoc. Beidh anlann deas, tiubh anois agat.
Ansan, caith isteach an t-uachtar géar agus an mustard. Suanbhruith agus ísligh an teas. Cócaráil go ceann 5 nóiméad eile agus blaistigh le salann agus piobar. Caith isteach an mhairteoil agus téigh an fheoil. Críochnaigh le peirsil agus síobhas. D’fhéadfá an béile seo a bheith agat le pasta nó rís. D’úsáideas tagliatelle.
Béile deas tapa…gan aon bhráca ag baint leis!
Is cócaire í Aoife Ní Chiobháin sa bhialann Solas i nDaingean Uí Chúis agus bíonn sí le cloisteáil ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta go minic.