Na Comhábhair
250g piardóga, déanta roimh ré
250g cloicheáin, déanta roimh ré
1 oinniún
2 clóbh gairleoige
1 tbsp íle olóige
½ gloine fíona báine
200ml passata
1tsp síolta lus an choire
1tsp síolta cuimín
200ml uachtar
½ brobh peirsile
400g tagliatelle
An t-anlann
Cuir sliogáin na bpiardóg agus na gcloicheán agus íle olóige isteach i bpota. Bris iad fad is atá siad ag téamh. Cuir an t-oinniún, an ghairleog agus na spíosraí leis na sliogáin agus lean ort á gcócaráil ar theas íseal go ceann cúig nóiméad.
Ansin, cuir an fíon bán agus an passata leis agus fág faoin teas é go ceann cúig nóiméad eile.
Dein an meascán a scagadh. Cuir an t-uachtar leis an leacht a bheidh fágtha. Sin an t-anlann déanta.
Cócaráil an tagliatelle.
Measc na piardóga agus na cloicheáin isteach san anlann. Ansin, caith isteach an tagliatelle leis an meascán.
Maisigh an t-iomlán le brobh peirsile.