Aoife sa Chistin: Tagliatelle úr

Na comhábhair:

4 ubh
Plúr pasta (00 Tipo)

Cuir an plúr amach ar chlár adhmaid mór leathan. Dein poll i lár an phlúir ar nós bolcáin. Bris na huibheacha agus caith isteach i lár an phlúir iad. Úsáid forc chun an huibheacha a bhriseadh agus dein iad a mheascadh leis an bplúr. 

Ansin, dein an meascán a fhuineadh go ceann 10/15 nóiméad go mbeidh taos deas agat. Clúdaigh an taos le scannán cumhdaithe agus fág sa chuisneoir go ceann 30 nóiméad é. 

Dustáil do chlár adhmaid le 1bsp plúr pasta. Úsáid crann fuinte chun an taos a leathnú amach mar bhileog 1mm ar thiús. Gearr suas an taos i sraitheanna fada 0.75cm. Úsáid ábhairín beag plúir chun nach ngreamóidh an tagliatelle. 

Cócaráil an tagliatelle in uisce beirithe saillte go ceann 3-5 nóiméad.