Na comhábhair:
2 ubh
180g siúcra mín
1 oráiste, craiceann fé ghráta
300g plúr
1 tsp púdar bácála
140g cnónna measctha, gearrtha go garbh
Plúr chun dustála
Teocht an oighinn @ 150c
Buail na huibheacha agus siúcra go dtí go mbeidh dhá oiread na toirte iontu agus dath bán orthu. Measc isteach na cnónna, an craiceann oráiste, an plúr agus an púdar bácála. Measc le chéile iad go dtí go mbeidh taos deas agat. Dustáil do chuntar le plúr. Cuir an taos in airde air agus dein dhá leath de. Dein an taos a rolláil amach 4cm ar leithead agus 2cm ar airde. Cuir an taos ar thráidire bácála agus bácáil @ 150ºC go ceann 12-15 nóiméad. Ansan, gearr ina gcoda 1cm ar leithead agus cócaráil go ceann 10 nóiméad eile. Lig do na brioscaí fuarú roimh ithe.
Neam neam le muga caifé!