Ar thriail tú beacáin bhlasta riamh?
Uibheagán ceap díreach ón dúlra

Aodh Ó Corcráin ina chónaí i dtuaisceart Thír na mBascach, áit a bhfuil sé i mbun gníomhaíochta, agus cócaireachta, i mbaile beag cósta. Gach seachtain cuireann sé oideas ar fáil do léitheoirí NÓS agus d’éisteoirí Raidió na Life – is féidir éisteacht lena mhír bhia ar chlár maidine an stáisiúin, An Bricfeasta Blasta, anseo thíos. An tseachtain seo… uibheagán ceap!


Nuair atá tú óg agus ar shiúl ón bhaile, is rud coitianta é beagán turgnaimh a dhéanamh ó am go chéile.

Mar sin, an tseachtain seo, bhain mé agus cara liom triail as beacáin, agus caithfidh mé a rá gur bhain mé an-sult astu…

Ó! Ní hataí taibhsí atá i gceist agam, ach ceapaí!

cepe, mar a deir na Francaigh.

Is beacáin ghalánta shíodúla iad seo atá ar fáil an t-am seo den bhliain.

Tar éis cith agus dealán, tiocfaidh tú orthu ag deireadh an tsamhraidh nó tús an fhómhair ag fás ag bun na gcrann darach.

Nó, má tá siopa nó margadh maith thart fán bhaile, is féidir labhairt leis na daoine gairmiúla.

Ní nós coitianta é inár dtír féin a bheith ag seilg beacán ach tá muintir mhór-roinn na hEorpa breá cleachta ar fad leis.

Ach tá rudaí ag athrú, agus tá bialanna ar nós Aniar i nGaillimh ag díriú isteach ar bheacáin fhiáine agus a leithéid níos minice – chaith príomhchócaire Aniar tamall ag Noma, Cóbanhávan, atá ar na bialanna is fearr ar domhan agus aitheanta mar gheall ar an ról mór atá ag an dúlra áitiúil ina mbiachlár.

An ghné is speisialta faoi na ceapaí ná nach féidir leat iad a fhás tú féin, caithfear teacht orthu sa dúlra.

Is mar gheall air seo a bhíonn costas mór orthu, ach is fiú go mór é chun iad a bhlaiseadh.

Má bhíonn suim agat ceapaí a aimsiú faoin tuath, is féidir ranganna a fhail ar líne le suíomhanna ar nós mushroomstuff.com

Tá seilg beacán contúirteach go leor – bíonn nimh i gcuid acu ar ndóigh – agus is fiú foghlaim ó na daoine a bhfuil fios a ngnóithe acu.

Anseo i dTír na mBascach déantar uibheagán leo.

Is dóigh liom go bhfuil a fhios acu caidé atá ar bun acu mar sin níor athraigh mé an t-oideas mórán.



– 4 Ubh saor-raoin
– 100g de cheapaí
– Peirsil
– 1 Clóbh gairleoige
– Ola olóige/cnó cócó/ráibe
– Im
– Salann
– Piobar dubh

Glan agus gearr na ceapaí ina bpíosaí.

Caithfear iad a chócaireacht ar mheán-teas i gcuid mhór ola roimh ré ar feadh 10-20 bomaite nó go bhfuil siad deas bog.

Cuir piobar dubh agus salann leo agus iad ag cócaireacht.

Measc do chuid uibheacha mar a dhéanfá le huibheagán.

Cuir na ceapaí, gairleog, peirsil agus roinnt salainn isteach leis na huibheacha.

Déan an friochtán breá te agus cuir an t-im isteach agus ansin an meascán atá déanta agat.

Nuair atá sé chóir a bheith cócaráilte fríd, bain as an teas é, cuir é ar phláta agus déan é a fhilleadh.

Ba cheart go mbeidh sé leath-dhéanta sa lár, deas fliuch.

Ith é le arán deas, gloine ceirtlise nó fíon geal atá rud beag milis, ar nós Chardonnay.


Bíonn An Bricfeasta Blasta ar siúl ar Raidió na Life, Luan go hAoine, ar 8rn-9rn agus bíonn Aodh le cloisteáil gach Céadaoin.

uibheagan-beacan