Mír nua chócaireachta í seo a thugann deis do chócaire cruthaitheach béile breá blasta a roinnt linn inár dteanga mhilis féin.
Oidis fholláine ar féidir iad a réiteach go furasta in achar gairid.
Agus an samhradh linn tá sailéad blasta roghnaithe ag Máire de Staic dúinn… cuirfidh sé uisce le bhur bhfiacla!
Sailéad cuineo le sicín
Tá béile blasta agam daoibh a dtarraingím air go minic le linn an tsamhraidh.
Ithim go leor sailéad éagsúil ach seo ceann a bhfillim air agus é chomh blasta sláintiúil sin!
Cé gur thosaigh mé amach ag réiteach cúscús leis an bhéile seo, is nós liom anois blonagán ríse, nó cuineo mar a thugtar air, a chur leis.
Bíonn go leor díospóireachta faoi cé acu is fearr duit ach, i mo thuairim féin, tá blonagán ríse níos éadroma.
Cinnte is fearr i bhfad é, má bhíonn ort glútan a sheachaint.
Tá sé seo foirfe má tá fulacht nó BBQ beartaithe agat sna seachtainí amach romhainn nó fiú lón le linn na seachtaine.
Más fearr leat gan sicín a ithe, is féidir beacáin ghriollta a chur leis.
Comhábhair:
Sicín 400g
Blonagán ríse 200g
Piobar glas x 1
Piobar dearg x 1
Oinniún dearg x 1 (ceann beag mar go mbíonn blas láidir orthu!)
Trátaí silíní 150g
Brocailí – ceann beag
Ionga gairleoige x 2
Spíosra cajun
Feta 200g
Ola chnó cócó
1. Gearr an sicín agus cuir cajun air – bí flaithiúil leis agus cinntigh go bhfuil an sicín ar fad clúdaithe leis.
2. Déan brúitín de na hingne gairleoige agus measc an sicín leis.
Cuir píosa beag ola chnó cócó sa fhriochtán, lig dó téamh suas agus caith an sicín agus an gairleog isteach – cuir níos mó spíosraí ar an sicín más maith leat. Lig dó ar feadh 8-10 nóiméad.
3. Cuir roinnt uisce fiuchta i bpota leis an mblonagán ríse.
Agus barr ar an bpota, cinntigh go bhfuil an t-uisce ar suanbhruith.
Lig dó, ar feadh 8 nóiméad nó mar sin, go bhfuil an t-uisce ar fad imithe as radharc.
4. Déan bláthóga beaga den bhrocailí agus cuir isteach i bpota eile é le huisce fiuchta ar feadh 4 nóiméad nó má tá galaitheoir agat, úsáid sin.
In áit a bheith ró-bhog, tá tú ag iarraidh a bheith ag cnagaireacht ar an mbrocailí. Al dente is fearr a chairde!
5. Nuair atá an t-uisce nach mór imithe ón bpota, ina bhfuil an blonagán ríse, déan cinnte go bhfuil sé deas bog agus clúmhach.
Lig dó fuarú.
6. Déan cinnte go bhfuil an sicín réidh, bain ón fhriochtán é agus lig don iomlán fuarú ar an taobh, ar nós an bhrocailí.
7. Beidh scian mhaith ag teastáil don chuid seo! Gearr suas an t-oinniún dearg i bpíosaí beaga bídeacha (beidh sé á ithe agat ámh) agus gearr suas na trátaí ina dhá chuid.
8. Nuair atá sin déanta déan bairbíní fada den dá phiobar, agus smutáin bheaga den feta.
Caith gach aon rud le chéile i mbabhla agus measc gach rud…. voila, sailéad blonagáin ríse le sicín réitithe agat.
Sláintiúil agus blasta! NOM!