Béiltí Breátha an tSamhraidh

Mír chócaireachta í seo a thugann deis do chócaire cruthaitheach béile breá blasta a roinnt linn inár dteanga mhilis féin.

Oidis fholláine ar féidir iad a réiteach go furasta in achar gairid atá roghnaithe ag ár gcócairí seiftiúla.

Agus an samhradh linn tá sailéad blasta roghnaithe ag Iseult Ní Chonchúir dúinn, a chuirfidh uisce le bhur bhfiacla agus a mhairfidh go maith sa reoiteoir!


Anraith piobair rósta agus prátaí milse

Ghoideas an mhias seo ó dhlúthchara liom. Béile an-bhlasta ar fad is ea é agus is féidir na comhábhair go léir a fháil ar phraghas maith in Lidl nó Aldi.

Rogha iontach atá san anraith do na laethanta sa tseachtain nuair nach mbíonn mórán ama agat chun caitheamh leis an chócaireacht.

Is féidir babhla mór a dhéanamh thar an deireadh seachtaine agus é a chur isteach sa reoiteoir.

Mholfainn builín aráin úir a fháil ón mbácús agus salami, pesto, trátaí agus cáis a chur leis.

Feileann sé go hiontach leis.

Ní i gcónaí a chuirim an t-uachtar leis.

Má tá tú ag iarraidh a bheith an-shláintiúil fág amach é.


Comhábhair

Dhá phiobar dhearga (na cinn fhada)
Prátaí milse 330 gram
Dhá chraobh shoilire
Ionga gairleoige X 4
Oinniún dearg
Dhá chearnóg stoc sicín
Ola olóige nó eile
Salann agus Piobar

1. Réamhthéigh an t-oigheann ar 180°

2. Bain an barr ón dá phiobair agus gearr ina dhá leath iad. Bain na síolta agus cuir ar thráidire iad leis an gcraiceann i dtreo na spéire, mar atá thíos.

3. Ná bain craiceann na n-ingne gairleoige agus cuir ar an tráidire leis iad. Blaistigh le salann agus piobar agus cuir isteach san oigheann iad.

4. Fad is atá an méid sin san oigheann, bain craiceann na bprátaí milse agus gearr ina gciúbanna iad.

5. Gearr an t-oinniún dearg agus an dhá chraobh shoilire i bpíosaí sách beag.

6. Cuir na hoinniúin agus an soilire ag tarraingt in ola sa phota, agus caith na prátaí isteach leo. Measc an t-iomlán le spúnóg agus blaistigh le salann agus piobar.

7. I mbabhla eile cuir uisce te leis an stoc sicín agus caith na hoinniúin, práta milse agus an soilire sa phota ina theannta. Braitheann uigeacht an anraith ar an méid leachta a chuireann tú leis; dé gnáth clúdaím na glasraí agus ag an deireadh cuirim breis uisce leis má theastaíonn uaim é a dhéanamh níos tanaí.

8. Fad is atá sin ag beiriú, bain an tráidire ón oigheann. Brúigh lár na n-ingne gairleoige ón gcraiceann (beidh taos rósta agat) agus cuir sa phota é.

9. Úsáid scian ghéar agus bain an craiceann den phiobar rósta. Gearr na piobair agus cuir sa phota iad.

10. Déan iad a bheiriú ar feadh 5 nóiméad nó mar sin de, blaistigh le salann agus piobar.

11. Úsáid cumascóir chun an t-anraith a dhéanamh deas mín.

Agus tú á chur ar an mbord cuir giota uachtair ar bharr!

Mmmmmm!

SCÉALTA EILE