Mír chócaireachta í seo a thugann deis do chócaire cruthaitheach béile breá blasta a roinnt linn inár dteanga mhilis féin.
Oidis fholláine ar féidir iad a réiteach go furasta in achar gairid atá roghnaithe ag ár gcócairí seiftiúla.
An tseachtain seo, tá béile blasta ‘aon phota’ roghnaithe ag Sinéad Ní Dhomhnaill, a chuirfidh uisce le bhur bhfiacla.
Stobh Éisc le Trátaí is Prátaí
Táim an-tógtha le béiltí a dhéantar in aon phota amháin nó ‘iontais aon phota’ mar a chuirtear orthu go minic.
Seo oideas gasta, sláintiúil atá i measc na mbéiltí is blasta acu dar liom féin.
Tá sé lán glasraí agus is féidir cur leis an líon próitéine nó carbaihiodráite ag brath ar an oiread traenála nó eile atá ar siúl agat.
Seachas an blas iontach, seans gurb é an rud is fearr faoin oideas seo ná gur féidir a bheith ag súgradh thart leis agus é úsáid mar bhunús do chúpla mias eile.
Bain triail as turcaí mionaithe a úsáid in áit an éisc, mar shampla.
Is maith liom rís a úsáid uaireanta chomh maith in áit prátaí, nó cuineo más gá duit glútan a sheachaint.
Molaim go mór na málaí rís nó cuineo a chuireann tú sa mhicreathonnán ach ná bac leis an micrea!
Caith díreach isteach sa phota iad ar feadh dhá nóiméad agus an mhias nach mór críochnaithe.
Má tá tuilleadh próitéine uait, caith dhá dhornán cloicheán isteach nó féadfaidh canna pónairí móra a chur leo chun an líon carbaihiodráite a ardú.
Bain triail as níos mó spíosraí a chur isteach ann le blas níos teo a chruthú ar lá fuair geimhridh nó é a chur le chéile níos luaithe sa lá agus é a ithe ar nós gazpacho ar lá breá gréine.
Bíonn an stobh seo i bhfad níos blasta ar an lá dar gcionn mar sin molaim é a dhéanamh roimh ré más féidir.
Comhábhair:
Bia mara measctha 250g
Prátaí nua – 300g
Asparagas 130g
Mion-chroithleoga 130g
1 Oinniún mionghearrtha,
2 Ionga gairleoige
1 Ciúb stoic – iasc/glasra & cupán uisce
2 spbh Ola olóige,
¼ sp Ceallóga sillí
1 sp Paiprice
1 sp Piobar Chéin
1 spbh Fínéagar Balsamach
2 spbh Purée trátaí
Piobar
Salann
Modh:
1. Cuir na prátaí isteach i bpota le huisce agus gráinnín salainn agus déan iad a bheiriú ar feadh 10 – 15 nóim (go dtí go bhfuil siad bog ach gan iad a bheith ag titim as a chéile).
2. Cuir an ola olóige, na ceallóga sillí, an paiprice, an balsamach, an t-oinniún mionghearrtha, agus an ghairleog mhionghearrtha isteach i bhfriochtán mór (aka ‘pota an iontais’) agus déan iad a fhriochadh ar feadh 3-4 nóimeád. Beidh gach ní eile á gcur isteach sa fhriochtán agat.
3. Isteach leis an mbia mara measctha, chomh maith leis na trátaí mionghearrtha, purée trátaí agus an stoc (úsáidim na ciúbanna ach más gá duit salann a sheachaint ní mholfainn iad).
4. Déan gach rud a mheascadh le chéile agus lig dó ar feadh 3-4 nóim, go dtí go n-athraíonn dath an bhia mhara.
5. Ansin cuir an t-asparagas agus na mion-chroithleoga isteach agus lig dó beiriú ar feadh 3 – 4 nóim.
6. Bain an t-uisce de na prátaí agus déan iad a ghearradh, ansin cuir sa fhriochtán leis an mbia mara iad.
6. Múch an teas ach fág ar an oigheann é ar feadh 5 nóiméad.
7. Blas an meascán, is aoibhinn liom piobar agus bíonn sé de nós agam cúpla gráinnín de phiobar bán a chur isteach.
Bainigí sult as, a chócairí cruthaitheacha!