Mír chócaireachta í seo a thugann deis do chócaire cruthaitheach béile breá blasta a roinnt linn inár dteanga mhilis féin.
Oidis fholláine ar féidir iad a réiteach go furasta in achar gairid atá roghnaithe ag ár gcócairí seiftiúla.
An tseachtain seo, insíonn Caoimhe Ní Ghriallais dúinn faoin bhealach a réitíonn sí doingean mara agus práta úra blasta, a bhain sí óna gairdín féin sa bhaile.
Doingean mara agus prátaí nua
Is breá liom féin an mhias seo, agus é simplí, blasta agus folláin.
Níl mórán réiteach air ach na glasraí a ghearradh suas agus gach rud a chur le chéile.
Agus de bharr nach mbíonn mórán trealaimh i gceist, ní bhíonn mórán glanadh suas ann ach an oiread!
Cé nach mbeadh ag iarraidh gan mórán glanadh a dhéanamh tar éis dinnéar a ithe?!
Roghnaigh mé na glasraí mar gurb iad is fearr liom, agus roghnaigh mé an doingean mara mar go raibh sé ar mhargadh acu ag cuntar an éisc.
Ní gá cloí leis an gcineál éisc nó na glasraí a d’úsáid mé don mhias áirithe seo, is féidir é a athrú mar a fheileann tú féin é!
Feileann an modh seo an cineál seo éisc thar cionn.
Más rud é go bhfuil tú ag úsáid iasc difriúil, déan cinnte go dtugann tú níos mó ama dó san oigeann chun a chinntiú go mbíonn sé cócaráilte i gceart.
Fuair mé na prátaí ón ngarraí glasraí atá curtha againn sa bhaile.
Agus inseoidh mé rud amháin daoibh a chairde – ní bhuaileadh an diabhal na prátaí a fháil ó do gharraí féin, díreach ón ngarraí go dtí do phláta! Chomh blasta!
Comhábhar
Tá sé seo bunaithe ar bhéile do cheathrar.
– Ceithre fhilléad den doingean mara
– Prátaí úra ón ngarraí
– Piobar dearg
– Brocailí
– Pónairí glasa
– Mange-tout
– 2 Oinniún dhearga
– Finéal
– Cúpla craobhóg thíme agus dragan
– Slam Síobhais
– 3 Scailliúin
– 2 Ionga ghairleoige
– Líomóid
/ Salann / Piobar (le blaiseadh)
– Braon fíon bán
– Ola olóige
Modh
1. An chéad rud a dhéanaim ná gach rud a réiteach – na glasraí ar fad a ghearradh suas, teastaíonn iad a bheith beag go leor de bharr an chineáil éisc atá mé ag úsáid. Ní theastaíonn mórán ama ón gcineál seo éisc san oigheann mar tá an baol ann go mbeadh sé tirim má bhíonn sé istigh ró-fhada.
2. Cuir na prátaí ag bruith is sáspan le neart uisce agus salann.
3. Cuir páipéar gréiscdhíonach ar mhias róstaithe (teastaíonn a dhóthain go gcruthóidh tú beart do na glasraí agus don iasc). Leag síos na glasraí, agus cuir na craobhóga tíme agus dragan ar a mbarr. Ansin leag na filléid éisc ar a mbarr sin arís.
4. Doirt braon deas ola olóige ar a mbarr sin ar fad, agus ansin cuir salann, piobar agus craiceann líomóide air. Ansin is féidir braon fíona a chur leis seo ar fad – cruthóidh sé seo gal sa mbeart leis an teas ón oigheann agus cócarálfaidh sé an t-iasc go deas réidh.
Ansin déan beart leis an bpáipéar gréiscdhíonach – ar bhealach nach n-éalóidh an ghal uaidh. Cuir san oigheann é seo ansin ar feadh 15 nóiméad agus na prátaí ag bruith sa sáspan.
5. Nuair atá na prátaí bruite, cuir leis an t-im, an síobhas agus an trí scailliún.
Agus tá an béile breá simplí agus sláintiúil seo anois réidh le n-ithe!
Bainigí taitneamh as a chairde!