Béiltí Breátha an tSamhraidh

Mír chócaireachta í seo a thugann deis do chócaire cruthaitheach béile breá blasta a roinnt linn inár dteanga mhilis féin.

Tar éis di seal a chaitheamh i Srí Lanca ag foghlaim faoi chúrsaí bia, tá Shakira Coonghe chun dhá churaí dhúchasacha, atá lán spíosraí, a roinnt linn agus iad feiliúnach d’aon phláta amháin!


Agus mé i Srí Lanca le déanaí, bheartaigh mé an oiread is mó cócaireachta a dhéanamh agus a bheinn in ann.

Is ó mo sheanmháthair, Sriya, a fuair mé an curaí prátaí milse agus curaí biatais seo.

Dhá oideas atá pacáilte le maitheas agus iad feiliúnach d’fheoilséantóirí, lucht veigeáin agus daoine a leanann réim bia atá saor ó ghlútan.

Tá biatas ar fáil go fairsing an t-am seo bliana agus is bealach blasta atá sa churaí le práta milis a ithe.

Déanaim iarracht comhábhar orgánach agus áitiúil a úsáid i mo chuid cócaireachta agus mholfainn é más féidir.

Ithim an dá churaí le chéile le haghaidh dinnéir le rís nó le huibheacha don lón. Más féidir teacht ar dhuillí curraí úra ón mhargadh, bheadh siad go hálainn sa dá bhéile!


Cúraí Prátaí Milse

– Práta milis (500g)
– 1 Oinniún dearg
– Púdar tuirmirice (1/4 taespúnóg)
– Púdar lus an choire (1 taespúnóg)
– Púdar cuimín (1 taespúnóg)
– Púdar sillí ( 1 spúnóg bhoird – níos lú mura mian leat é a bheith chomh te sin!)
– 5 Chlóbh bhrúite
– 5 Fhaighneog chardamaim bhrúite
– 1/2 Cainéal
– Bainne cnó cócó, tanaí (300ml)
– Bainne cnó cócó, tiubh (50ml)
– Gráinnín salainn

1. Gearr an práta milis i gciúbanna agus an t-oinniún dearg i bpíosaí beaga.

2. Leis an mblas a tharraingt ón gcardamam agus na clóibh, tabhair cúpla buille dóibh i dtuairgnín agus moirtéar má tá ceann agat nó úsáid crann fuinte agus clár gearrtha.

2. Cuir gach comhábhar isteach sa phota, seachas an bainne cnó cócó tiubh agus déan a shuanbhruith go dtí go bhfuil an práta milis deas bog.

3. Cuir an bainne cnó cócó tiubh isteach sa phota agus lig dó ar feadh 5 nóiméad.

4. Cuir gráinnín salainn leis mar bhlaiseadh.


Curaí biatais 

– Biatas (225g)
– 1/2 Oinniún dearg
– Ola chnó chócó (Spúnóg bhoird)
– 1 Sillí glas
– Púdar sillí (1 taespúnóg nó níos lú mura mian leat é a bheith chomh te sin)
– Lus an choire (1 taespúnóg)
– Púdar Cuimín (1 taespúnóg)
– Bainne cnó cócó tiubh (200ml)
– Fínéagar (1 taespúnóg)
– Gráinnín salainn

1. Gearr an t-oinniún agus an sillí glas. Gearr an biatais i stíl julienne (thuas).

2. Téigh an pota agus cuir an ola isteach. Cuir an t-oinniún agus an sillí glas sa phota.

3. Cuir gach rud isteach sa phota, seachas an bainne cnó cócó, agus lig dó cócaráil ar feadh 5 nóiméad.

4. Cuir an bainne isteach agus bí ag cócaráil go dtí go bhfuil sé deas bog. Timpeall 20 nóiméad ar theas measartha.

5. Cuir gráinnín salainn leis mar bhlaiseadh.

Sin é a chairde, léimigí isteach sa chistin agus cuirigí beagáinín spíosraí le bhur saol!

SCÉALTA EILE