Béiltí breátha an tSamhraidh

Seo tús le mír nua ar NÓS a thugann deis do dhuine ar leith béile breá, a bhíonn á chócaireacht acu féin, a roinnt le Nósadóirí ocracha eile.

Is í sprioc na míre úire seo béiltí breátha folláine a scaipeadh inár dteanga mhilis féin.

Oidis fholláine ar féidir iad a réiteach go furasta in achar gairid is fearr, a chairde.

Chun tús a chur leis an tsraith úr, tá Méabh Ní Thuathaláin, Leas-Eagarthóir na hirise, lena rogha-sa béile.


Sairdíní agus Spaigití 

Cara liom a réitigh an béile blasta seo dom den chéad uair cúpla bliain ó shin agus tá mé á chócaireacht uair sa choicís ar a laghad ó shin.

Caithfidh mé a admháil go raibh mé amhrasach go leor faoi bhéile ar bith a raibh sairdíní i measc na bpríomh-chomhábhar ann.

Boladh láidir na n-iasc beag a chuir as dom thar na blianta sílim ach tá a fhios ag na Gaeil gur maith an t-anlann an t-ocras!

Mealladh mé fosta mar gheall ar na rudaí maithe a chuala mé faoin gheir shláintiúil atá sna sairdíní agus an leibhéal ard calcaim atá ar fáil iontu.

Tá an t-oideas chomh furasta gasta sin gur minic a tharraingím air nuair nach bhfuil fonn orm ná mórán ama agam a chaitheamh ag cócaireacht.

Tá an claonadh agam gnáthspaigití a mheasadh le ribíní cúirséid chun líon na nglasraí a ardú agus oiread na gcarbaihiodráití a ísliú.

Comhábhair

Canna sairdíní x 2
Cúirséad mór amháin nó dhá cheann bheaga
Trátaí mionghearrtha x canna amháin
Leath-shillí
Dhá ionga gairleoige brúite
Spaigití
Spúnóg caprais
Ola ráibe nó ola lus na gréine – steall beag!
Slisíní parmasáin
Basal

Modh 

1. Cuir an pota ar an teas agus lig dó téamh suas.

2. Caith steall beag ola ráibe nó ola lus na gréine isteach sa phota.

3. Caith an ghairleog bhrúite, an sillí – é gearrtha suas i bpísíní beaga – agus na sairdíní isteach agus lig dóibh ar feadh 5 – 7 nóiméad.

4. Beidh deis agat anois ribíní a dhéanamh den chúirséad agus iad a fhágáil ar leataobh.

5. Nuair atá an t-am istigh, caith isteach na trátaí mionghearrtha, mar aon le steall uisce, salán agus piobair. Measc agus lig dó a bheith ag suanbhruith ar feadh 10 nóiméad nó mar sin.

6. Déan an spaigití a bhruith anois a fhad is atá an t-anlann ag cócaireacht.

7. Agus cuma ar an anlann go bhfuil sé beagnach réidh, cuir spúnóg caprais isteach sa mheascán agus lig dó ar feadh 5 nóiméad.

8. Déan na ribíní cúirséid a ghalú anois.

9. Measc an t-iomlán le chéile agus dáil amach ar na plátaí é.

10. Níl le déanamh anois ach slisíní parmasáin agus basal a chur ar an bharr.

Mmmmmm!

SCÉALTA EILE