Tá Aodh Ó Corcráin ina chónaí i dtuaisceart Thír na mBascach, áit a bhfuil sé i mbun gníomhaíochta, agus cócaireachta, i mbaile beag cósta. Gach seachtain cuireann sé oideas ar fáil do léitheoirí NÓS agus d’éisteoirí Raidió na Life – is féidir éisteacht lena mhír bhia ar chlár maidine an stáisiúin, An Bricfeasta Blasta, anseo thíos. Inniu is é ruball bó atá ar an bhiachlár!
Tá dlúthbhaint idir bia agus daoine.
Tá sé ar na caithimh aimsire agus cleachtais is dúchasaí atá againn – cén t-imeacht sóisialta atá níos sine ná a bheith ag suí síos le daoine eile agus bia a roinnt?
Agus mé ag iarraidh aithne a chur ar Thír na mBascach, shíl mé go raibh sé tábhachtach foghlaim faoin chultúr bia atá acu anseo.
Agus, mar chócaire, foghlaim faoi chuid de na sean-oidis thraidisiúnta atá acu go fóill.
Le cúpla seachtain amach romhainn, beidh mé ag díriú isteach ar oidis na mBascach agus, amach anseo, ag cur a gcultúir i gcompóraid le cultúr bia s’againn féin chun taisce bia na hÉireann a aimsiú.
Seo ceann a fuair mé ó sheanbhean a tháinig go taobh na Fraince don teorainn agus í ar a seachaint ó rialtas Franco sna 70í.
D’fhill sí ar a baile dúchais bliain ó shin.
Damheireaball (ruball bó)
– Eireaball bó
– Oinniún mór
– 3 Clóbh gairleoige
– Labhróg (bay)
– Meacan dearg
– Prátaí
– Buidéal fíon dearg
Gearr an t-oinniún, gairleog agus meacán dearg go hiontach mín.
Déan an t-oinniún a fhriocadh go mall in ola nó im ar feadh 40 bomaite.
Cuir an ghairleog agus meacan dearg isteach ann agus lig dó ar feadh 20 bomaite eile.
Frioch an ruball go dtí go bhfuil sé donn agus cuir an labhróg agus leathbhuidéal fíona isteach ann.
Lig dó ar feadh 4 uair ag cócaireacht.
Ith é le prátaí bruite agus ól an chuid eile den fhíon!
Bíonn An Bricfeasta Blasta ar siúl ar Raidió na Life, Luan go hAoine, ar 8rn-9rn agus bíonn Aodh le cloisteáil gach Céadaoin.