Tá sé idir an mheánoíche agus an mhaidin.
“Right leaids, tá an t-am istigh,” a deir fear an dorais.
“Níl leoga” a smaoiníonn tú leat féin. Téann cúpla téacs thart faoin síbín nach bhfuil oscailte. Cé gur impígh tú ar fhear an tí, tá sibh amuigh ar an tsráid agus tá an beár druidte.
“Teach s’agamsa!” arsa tú.
Tá giotár á sheinm agus Gaeil i mbun ceoil.
Tá na buidéil fhíona á n-oscailt agus dúidín draíochta á chur le chéile ag an tábla.
Is breá liom seo.
Ach tá rud amháin eile mar seo a tharlaíonn i dteach s’agamsa gach oíche nach dtarlaíonn i gcónaí sa ghnáthchóisir tí ghaelach. Suipéar!
Seo daoibh roinnt oideas agus cleas chun fáilte ghaelach mar is ceart a chur roimh do chuid cairde tar éis oíche amuigh le chéile.
Stóras
Ní féidir béilí a chaitheamh le chéile ag a 4 a chlog ar maidin gan stór bia sa teach. Seo cúpla rud le coinneáil sa chófra.
Pasta
Plúr
Salann mara
Giosta triomaithe (dried yeast)
Prátaí
Gairleog
Sillí triomaithe
Ológa
Paprika
Ola olóige
Leafaos trátaí
Seo seanoideas de chuid chosmhuintir Andaluz i ndeisceart na Spáinne. Ní gá ábhar ar leith a bheith ann seachas prátaí. Go bunúsach, is ‘prátaí na mbocht’ atá i gceist agus caitheann tú isteach san fhriochtán cibé atá agat le caitheamh isteach ann. Ach seo sampla den rud a dhéanaim féin go minic.
1.Téigh an friochtán le neart ola olóige (neart!).
2. Bain an craiceann de na prátaí agus gearr iad i ndingeacha móra.
3. Go garbh, gearr piobar agus oinniún bán agus caith isteach iad. Bris cuid clóbh gairleoige, ná gearr iad, agus caith isteach iad.
4. Má tá aon fheoil sa teach mar shampla, liamhás, mairteoil nó ispíní, caith isteach é – is fearr píosaí móra liamháis triomaithe/leasaithe a úsáid.
5. Cuir salann mara leis agus paprika agus cuir clár ar an fhriochtán.
6. Lig dó go dtí go bhfuil na prátaí bog, tiontaigh thart gach rud san fhriochtán ó am go chéile. An cleas chun seo a dhéanamh mar is ceart ná bí garbh agus déan gach rud a ghearradh i bpíosaí móra.
Is breá le daoine an ceann seo. Iontach furasta a roinnt agus beidh an chuma ort go bhfuil tú i do chócaire den scoth toisc gur tharraing tú pizza amach as gorm na spéire.
1. Cuir an t-oigheann ar siúl ag an teas is airde dá bhfuil aige.
2. Cuir cúpla dornán plúr isteach i mbabhla le taespúnóg de ghiosta (yeast), le salann mara agus le braon ola.
3. Faigh cupán uisce alabhog agus doirt isteach é go dtí go dtagann an taos (dough) le chéile.
4. Cuir an taos ar an tábla agus bí ag obair leis, ag síneadh agus ag brú go dtí go bhfuil sé mín agus ar nós leaistice.
5. Roll é go dtí go bhfuil sé ina liathróid agus fág é ar leataobh.
6. Cuir an leafaos trátaí i mbabhla le hola agus le huisce chun anlann don bhun a dhéanamh as. Is féidir leat cloí le cáis agus ológa nó do rogha rud a chur ar an bharr, cibé glasraí atá sa chuisneoir, mar shampla. Ach ná cuir barraíocht air!
7. Tar éis 20 bomaite, roll amach an taos chomh tanaí agus is féidir agus cuir d’ábhar féin ar an bharr, ag toiseach leis an anlann don bhun dár ndóigh.
8. Caith rud beag uisce isteach san oigheann 5 bhomaite roimh ré chun an t-oigheann a líonadh le gal agus cuir an pizza isteach ar an bhun. Ba chóir go nglacfaidh sé idir 5 agus 10 mbomaite chun é a chócaráil.
Is iomaí duine a mbíonn fonn sceallóga orthu sna huaireanta beaga agus i mo thaithí féin, cuireann babhla mór sceallóga, déanta sa bhaile, go mór le cóisir ar bith.
1. Nigh na prátaí agus gearr i sceallóga ramhra iad.
2. Téigh ola i bhfriochtán mór.
3. Cuir isteach cuid de na prátaí go dtí go bhfuil bun an fhriochtáin líonta. Má chuireann tú barraíocht ann ní oibreoidh sé.
4. Nuair atá an chéad bhaisc réidh, bain amach iad agus cuir an dara cuid isteach. Nuair atá na prátaí ar fad déanta, cuir an chéad bhaisc isteach arís go dtí go bhfuil na sceallóga brioscánach agus déan an rud céanna leis an chuid eile.
5. Nuair atá seo ag tarlú, cuir ubh, salann mara agus braon fínéagair isteach sa chumascóir.
6. Cuir ag dul é agus doirt ola isteach go dtí go dtig sé le chéile mar mhaonáis.
7. Cuir amach iad le salann mara orthu agus an mhaonáis ar an taobh.
Is minic a chuir mé pota mór pasta ar fáil don scaifte nuair nach raibh fiú glasraí sa teach agam. Seo cúpla ceann a rinne muid thar na blianta.
Ná déan dearmaid salann mara agus neart ola olóige a úsáid chun blas a chur air agus an pasta a chur tríd an anlann.
1. Spaghetti, líomóid, gairleog agus sillí triomaithe.
2. Penne, ubh amh, im agus peirsil (parsley).
3. Fussili, ológa, sillí úr agus cáis parmigiano.
4. Linguini, scuid agus spionáiste.