Ní raibh beoir cheirde chomh mór leis na cianta.
Le deich mbliana anuas tá mionghrúdlanna ag preabadh aníos timpeall na tíre, agus tá óltóirí na hÉireann anois millte le rogha ollmhór leanna, lágair agus pórtair de gach blas agus boladh ó iarthar Chiarraí go contae ríoga na Mí.
In amanna áfach, níl sé chomh héasca teacht ar do nimh phearsanta féin.
Níl i go leor grúdlanna ach comhlachtaí beaga áitiúla agus mar sin ní féidir bheith cinnte go mbeidh an bheoir atá á lorg agatsa le fáil ar gach cúinne mar atá Heineken agus Guinness.
Seo chugainn Beoir Finder, feidhmchlár do iOS agus Android a bhaineann leas as do Chóras Suite Domhanda (GPS) chun gur féidir teacht ar na tithe tábhairne, bialanna agus grúdlanna ina bhfuil na piontaí is deise in Éirinn le fáil.
Brúigh ar an phub agus inseoidh Beoir Finder duit cad iad na beoracha atá ar fáil, aon áiseanna eile (Wi-Fi, srl.), agus fiú má tá líne bus gar don áit!
Cruthaíodh an feidhmchlár le cuidiú ó Beoir.org, pobal neamhspleách ar líne a thacaíonn le grúdlanna dúchasacha na hÉireann.
Feidhmchlár saor in aisce atá i Beoir Finder, agus is féidir é a íoslódáil anois ón App Store nó Google Play.
Ó, dar leis an aip go bhfuil pub deas aimsithe agam… pionta níos moille aon duine?