“Bíodh seo agam ar leaba mo bháis!”


Aodh Ó Corcráin ina chónaí i dtuaisceart Thír na mBascach, áit a bhfuil sé i mbun gníomhaíochta, agus cócaireachta, i mbaile beag cósta. Gach seachtain cuireann sé oideas ar fáil do léitheoirí NÓS agus d’éisteoirí Raidió na Life – is féidir éisteacht lena mhír bhia ar chlár maidine an stáisiúin, An Bricfeasta Blasta, anseo thíos. An tseachtain seo… tuinnín!


Mothaíonn sé gur tamall fada atá ann ó scríobh mé gastro-alt anseo ar NÓS agus is ábhar faoisimh é domh go bhfuil mé ar ais ar an chapall anois agus ag cur le bailiúchán oideas na nGael arís.

An tseachtain seo, tá muid ag díriú isteach ar oideas a chuirfidh eagla ar go leor Éireannach – ach nach sin an fáth a bhfuil muid anseo, chun dúshlán a thabhairt dá chéile anois is arís?

Pléisiúr atá ann nuair a thagann na hiascairí ar ais chun an bhaile san áit ina bhfuil mé, Ziburu.

Téann siad caol díreach i dtreo na bpubannaí agus is minic a cheannaíonn muid iasc úr uathu díreach ón bhád.

Cé gur meisceoirí cearta iad, agus garbh go maith, tá cuid den ábhar cócaireachta is fearr dá bhfaighfeá ar domhan acu, agus an mhí seo is é tuinnín atá ina gcuid eangach.

An dóigh is fearr chun tuinnín úr a ithe, i mo bharúilse, ná ámh.

Déan é, bain triall as, uair amháin i do shaol.

Dar liom féin go bhfuil sé ar na béilte is fearr a bhí agam riamh agus dúirt mé le mo chairde, agus mé ar leaba mo bháis, gur sin an béile atá uaim!



Seo daoibh an t-oideas:

– Stéig thuinnín dearg
– 1 oinniún
– Píosa sinséir úir
– 1 clóbh gairleoige
– 1 tráta
– Peirsil úr
– 1-2 Líomóid
– Salann

Cuir an tuinnín isteach sa chuisneoir ar feadh 2 uair a chloig.

Gearr an t-oinniún agus an ghairleog go mín agus cuir salann agus sú na líomóide leis.

Fág sin i mbabhla agus gearr an tuinnín leath-reoite isteach ina bpíosaí beaga.

Cuir an mharanáid (marinade) thart air agus úsáid grátálaí cáise chun an sinséar a ghearradh.

Cuir sin leis, mar aon leis an pheirsil agus na trátaí (gearrtha).

Measc gach rud agus fág sa chuisneoir é ar feadh uair a chloig.

Ith é le maonáis (mayonnaise) baile agus arán rosta ón oigheann.

Molaim go mór fíon geal tirim a bheith agat leis an mhias seo, go háirithe Txakoli (fíon deas Bascach) más féidir buidéal a fháil.


Bíonn An Bricfeasta Blasta ar siúl ar Raidió na Life, Luan go hAoine, ar 8rn-9rn agus bíonn Aodh le cloisteáil gach Céadaoin.

tuinnin-tartare

SCÉALTA EILE