Blasanna an Earraigh

Agus é thall i dtuaisceart Thír na mBascach, tuairiscíonn an cócaire siúlach Aodh Ó Corcráin faoina bhfuil á ullmhú agus á ithe aige an t-am seo bliana.


Tá an tEarrach linn anseo in Itsasu, i dTuaisceart Thír na mBascach, áit a bhfuil mé i mo chónaí faoi láthair.

Baile beag idir muir agus sliabh é Itsasu agus is iomaí taisce atá ar fáil ann an t-am seo bliana, ón asparagas bán (asperge blanche), asparagas glas, (asperge vert) agus na beacáin fhiáine (morilles sauvages).

Leis an asparagas, is fearr fáil réidh den chraiceann crua ag an bhun agus na gais á n-ullmhú agat le hithe.

Seachas an dath agus an lár a bheith níos boige, tá blas níos séimhe ag an asparagas bán i gcomparáid lena dheartháir glas, atá ar fáil níos fairsinge.

Is nós linn anseo an cloigeann bán a chur isteach i bpota le huisce te lena chócaireacht.

Ach leis an asparagas glas, cuirimid díreach isteach sa fhriochtán é.

Is maith liom sú holandaise a chur leo, nó ubh scallta (déanta in uisce friochta), mar atá thuas.

Tá beacáin fhiáine tréan chomh maith agus is minic iad a chócaireacht istigh i meascán d’im agus fíon bán.

Lig don fhíon agus im leá go mall i bpota chun eibleacht (sú) mhín a dhéanamh agus cuir na beacáin isteach leo.

Tá roinnt glasraí an gheimhridh fós ar fáil ar ndóigh, ar nós oinniúin agus cabáiste.

Bealach iontach le hoinniúin iomlána a úsáid ná iad a róstadh san oigheann, i stoc le cnámha cearca agus fíon dearg.

Bainim an craiceann de na hoinniúin ar dtús agus isteach leo san oigheann ar feadh dhá huaire an chloig.

Orbs of joy‘ a thugann an cócaire Sasanach Fergus Henderson orthu agus tá cúis leis, tá siad go haoibhinn.

An cabáiste – cuirim isteach i bpota é le stoc, agus le roinnt prátaí, meacain dhearga, cainneann agus easnacha muice.

Sú mór scafánta a bheas agat.

Cuir bán na cainninne ar leataobh agus is féidir iad seo a dhéanamh scallta.

Tar éis dóibh a bheith bruite ar feadh 20 bomaite, bain ón teas iad agus fág san uisce céanna thar oíche iad.

Ithim na cainneanna fuar le sú ravigot, sú aicídeach a dhéantar go coitianta sa Fhrainc le huibheacha crua, fínéagar, peirsil, mustard agus ola.

Mmmmmmm!

Bígí ag spraoi sa chistin an Cháisc seo!

SCÉALTA EILE