Bolgáin óil

Ní haon rún é go mbíonn fonn ar na Gaeil pionta nó gloine fíona a bheith inár nglac againn agus muid amuigh ar an ragairne.

An bhféadfá a shamhlú, áfach, go mbeifeá ag alpadh siar bolgáin alcóil sa bheár, mar a dhéanann Pacman, in áit a bheith ag ól?

BubbleLick a thugtar ar an táirge spraíúil seo atá ag cur eispéireas éagsúil ólacháin ar fáil dúinn.

Chuirfeadh sé gléas as monarcha Willy Wonka i gcuimhne duit agus é de chumas ag BubbleLick bolgáin bhlasta a dhéanamh de gach cineál dí, ina measc manglaim, fíon, sú oráiste agus caife.

bubblelick

Le gach ordú ó BubbleLick, faigheann tú 6 bhuidéal de thuaslagán (solution) déanta de na ceimiceáin chéanna a fhaightear i dtaos fiacla agus i dtáirgí eile a bhíonn in úsáid againn go laethúil.

Measctar an tuaslagán le do rogha dí agus úsáidtear an slaitín bolgóidí chun na bolgáin a shéideadh le d’anáil.

Bealach spraíúil is ea é cinnte le deochanna a chaitheamh, agus shamhlófá go mbeadh seans níos fearr agat póit a sheachaint dá bharr!

SCÉALTA EILE