Tá níos mó daoine ag fáil amach nach réitíonn táirgí déiríochta nó cruithneachta leo.
Mar sin féin, ó ghránach agus tósta go fiú iógart, bíonn sé deacair teacht ar ghnáth-bhia bricfeasta nach bhfuil na táirgí seo le fáil ann.
Sa dá oideas thíos, mar sin, le tús blasta a chur le do lá, tá cúpla rud deas ann nach bhfuil aon déirí nó cruithneacht i bhfolach iontu.
Ní thógann sé mórán ama iad a réiteach ach an oiread.
Bíodh iad seo mar chéadphroinn agat!
1. Pancóga banana (2 cheann measartha mór)
– 2 ubh
– 1 banana
Measc an banana agus an dá ubh le chéile le forc – is féidir cumascóir a úsáid ach tá sé níos fearr má úsáideann tú forc.
Cócaráil i bhfriochtán iad, ar nós gnáth-phancóga.
Chun iad a dhéanamh píosa níos milse, i ndiaidh go gcuireann tú an fuidreamh (batter) ar an bhfriochtán, cuir spúnóg meala ann.
Le pancóga caora a dhéanamh, measc caora – fraocháin, sútha talún, sútha craobh nó mar sin – isteach san fhuidreamh leis an banana agus na huibheacha sula gcuireann tú ar an bhfriochtán é.
Níl blas díreach mar an gcéanna ná gnáth-phancóga ar na cinn seo ach tá sé cosúil go leor agus tá siad an-bhlasta.
Tá bananaí go maith mar thorthaí go ginearálta toisc go gcabhraíonn siad le brú fola a ísliú agus íslíonn siad an seans atá agat le hailse a fháil chomh maith.
Tá iarann agus snáithín (fibre) iontu; is cothaithigh iad sin a bhíonn in easnamh in aistí bia gan déirí agus cruithneacht. Tá próitéin agus neart vitimíní iontu freisin.
Tá uibheacha iontach. Tá siad sciobtha agus iontach éasca le réiteach.
Tá siad go maith duit freisin, le hiarann, próitéin agus vitimín B2 le fáil iontu.
2. Borróg uibheacha (I gcomhair duine amháin)
– 1 ubh
– 1 slisne liamháis serrano
– 2/3 duilleog spionáiste (más maith leat)
Cuir an liamhás serrano i bpoll beag amháin i múnlán borróg.
Ansin, cuir an spionáiste thar an liamhás má tá tú á úsáid.
Scáin an bhlaosc den ubh agus cuir isteach é, thar an liamhás agus an spionáiste.
Cuir an méid ar fad isteach san oigheann ag teocht ard ar feadh 15 nóiméad, go dtí go n-éiríonn an t-ubh níos crua. Agus sin é!
Tá uibheacha agus na buntáistí a bhaineann leo sa cheann seo freisin.
Tá spionáiste fíor-mhaith do dhaoine nach mbíonn déirí acu toisc go bhfuil an-chuid cailciam istigh ann.
Faigheann tú neart próitéine agus colaistéaról maith in liamhás serrano chomh maith.
Is comhábhair mhaithe agus sláintiúla iad seo ar fad ach tá siad go maith ach go háirithe do dhaoine nach féidir táirgí déiríochta nó cruithneachta a ithe.