Tá liosta foilsithe ag Aldi ina nochtar an 20 táirge is mó díol ina siopaí le trí seachtaine anuas. Tugtar léargas ann ar ghnásanna siopadóireachta le linn an choraintín. An rud is mó a sheas amach domsa sa liosta ná dúil na nÉireannach sna táirgí déiríochta, agus an t-éileamh ar an mbainne go háirithe – tá cúig tháirge déiríochta i measc an 20 táirge is mó díol agus tá bainne dhá lítear sa chéad áit.
Ar ndóigh, ní haon ionadh go mbeadh tóir chomh mór sin againn ar an mbainne: téann ár ngrá don bhainne agus do tháirgí déiríochta i bhfad siar sa tír seo.
De réir na seandálaithe a bhfuil mionstaidéar déanta acu ar na hiarmhair a fágadh ar photaí cócaireachta ón Tréimhse Neoiliteach in Éirinn, ba é an bainne príomhábhar cothaithe ár sinsear na mílte bliain ó shin. Aimsíodh rian an bhainne ar thromlach na n-iarmhar a scrúdaíodh.
Is cosúil go mbíodh bó nó dhó ag chuile theaghlach as a ndéantaí táirgí éagsúla déiríochta. Deir seandálaí amháin go raibh muintir na hÉireann “splanctha i ndiaidh an bhainne” ar bhealach nach raibh fíor faoi na pobail ar Mhór-Roinn na hEorpa. Ar ndóigh, tá sé d’ádh orainn go bhfuil an tír an-oiriúnach don fheirmeoireacht déiríochta: tírdhreach glas, go leor báistí agus aeráid mheasartha.
Le linn na meánaoiseanna, bhí iontas ar chuairteoirí eachtrannacha faoin oiread cineálacha éagsúla béilí a dhéantaí as bainne in Éirinn. Deir Dáibhí Ó Cróinín in Early Medieval Ireland, 400-1200 go mbíodh uachtar, im, cáis agus gach cineál déiríochta ar fáil go flúirseach do gach aicme sa tír, cé go mbíodh rogha beagáinín níos leithne ag an uasaicme. Dhéantaí bainne a fhiuchadh agus a mhilsiú trí mhil a chur leis, de réir cosúlachta. Focal Sean-Ghaeilge é milsén (milseán sa lá inniu, ar ndóigh) arb é ba chiall leis im thiubh de chineál éigin nó ‘cuarc’ (sórt cáise) a dhéantaí a chócaráil le tuilleadh ime agus a mhilsiú le mil. Bhaintí leas flaithiúil as an im mar bhia ann féin seachas mar ghairnis amháin anuas go dtí an 18ú haois.
Tráchtann Ó Cróinín freisin ar uachtar géar a d’fhágtaí i dtobán ar feadh trí lá agus trí oíche. Deir sé go moltaí do dhaoine uaireanta bainne a ól seachas alcól cé nach mbíodh gach duine sásta cloí leis an moladh sin! Rud eile a luann sé: i gceann de bheathaí Chaoimhín Ghleann Dá Loch, tráchtar ar mhná a bheith ag iompar cáiseanna éagsúla laistigh dá gclócaí.
Taispeánann suirbhéanna go n-óladh muintir na tíre cúig lítear bainne in aghaidh na seachtaine, ar an meán, anuas go dtí na 1960idí – is mó ná sin a d’óladh daoine faoin tuath agus é le brath orthu, iad níos sláintiúla ná a ngaolta uirbeacha agus baol níos lú acu tinneas ar nós raicítis a fháil, galar a bhíodh réasúnta forleathan sna cathracha go dtí lár an chéid seo caite.
As táirgí déiríochta is mó a fhaigheann muintir na hÉireann cailciam sa lá inniu go fóill agus táimid ar na pobail is mó a ólann bainne ar domhan. Tá an bainne chomh mór sin de dhlúth agus d’inneach ionainn nach bhfuil ach sciar an-bheag den phobal Éireannach nach dtagann lachtós leo – glacann os cionn 90% dínn go réidh leis mar dhaoine fásta. Sin i gcomparáid le grúpaí eitneacha eile nár bhain mórán feidhme as an mbainne riamh: formhór de mhuintir na Seapáine, cuir i gcás, ní féidir leo lachtós a sheasamh.
I gcás na ngrúpaí eitneacha nach n-ólann mórán bainne, tá foinsí eile cailciam acu siúd – is i bputóga agus i gceann an éisc a fhaigheann muintir na Seapáine roinnt mhaith dá riachtanais chailciam, cuir i gcás. Itheann siad na codanna sin den iasc go minic. Ach in Éirinn agus i dtíortha eile an Iarthair, is cuid dár gcultúr bia é an bainne leis na mílte bliain agus tá cleachtadh againn é a dhíleá agus sú a bhaint as dá bharr.
Is sárfhoinse chothuithe é an bainne a chabhraíonn go mór le forbairt chognaíoch agus fhisiciúil na bpáistí. Tuigeann tuismitheoirí é sin agus is dócha gurb é sin cuid den chúis go bhfuil díol chomh maith sin ar an mbainne in aimsir seo na paindéime. Ar an dea-uair, tá an bainne réasúnta saor in Éirinn toisc an aeráid agus tírdhreach a bheith fóirsteanach chun é a tháirgeadh, rud a chabhraíonn le teaghlaigh atá ar an ngannchuid le linn na géarchéime.
Táthar ag caint ar ghanntanas bia sa Bhreatain agus i dtíortha eile mar gheall ar iompórtálacha a bheith ag dul i léig agus cosc a bheith ar thaisteal le linn na dianghlasála. Is maith an rud é, mar sin, nach baol dúinn a bheith gann i mbainne sa tír seo a bhuí le feirmeoirí a chuireann soláthar dúchasach seasta ar fáil dúinn.