Slán le smailceanna milse!
Creid é nó ná creid ach níl oiread agus gráinnín siúcra amháin sna cístí nua saillte seo, atá i measc an bhia nua atá i réim sa tSeapáin.
Ní haon scéal mór é, b’fhéidir, i dtír a bhfuil taithí ag daoine ar a bheith ag ithe míolta móra, capall nó speirmeacha éisc.
Más fíor, ní fhaca muid a leithéid in oifigí NÓS roimhe!
Is é an dearthóir bia Mitsuki Moriyasu a tháinig aníos leis na cácaí sláintiúla seo, ar a dtugtar ‘Vegedeco’.
Agus cuma chomh tarraingteach sin orthu tá sé deacair a chreidmheáil gur le glasraí agus táirgí soighe amháin a rinneadh iad.
Tá coincheap na gcácaí glasa tar éis dul i bhfeidhm go mór ar dhaoine sna 30í, deirtear, atá ag lorg rogha bhia níos sláintiúla.
Bealach iontach atá ann freisin le páistí a chur ag ithe glasraí éagsúla agus bia nach mbeadh spéis acu ann de ghnáth.
Tá na cácaí ar fáil i réimse blasanna, mar atá ‘miontas’ a tharraingíonn ceithre chineál glasraí glasa le chéile, greim maith uachtar tófú, ológa agus caora aitil ar cháca spúinse soighe.
Mar a dhéantar cáca milis á mhaisiú le reoán, déanann tófú atá daite le dathú bia nádúrtha an beart céanna ar na cístí glasa seo.
Buntáiste eile atá ag an tófú ná go gcoinníonn sé struchtúr an cháca agus na glasraí le chéile.
Tá an oiread sin ratha ar na cácaí sláintiúla seo go bhfuil sé beartaithe ag Moriyasu brioscaí Vegedeco a chur ar an mhargadh go luath.
Is dócha nach nós leis an Seapánaigh a gcuid brioscaí a thumadh isteach ina gcupán tae. 😂