Is minic lámh an uachtair ag an mhoilleadóireacht agus muid ag iarraidh obair nó staidéar a dhéanamh.
Ach caithfear toradh maith sa chistin a mholadh, fiú más ón mhoilleadóireacht féin a d’eascair sé.
“D’éirigh liom na bonnóga réaltacha seo a dhéanamh do mo bhuachaill tinn, as an lá a chaitheamh ag moilleadóireacht,” a d’fhógair an báicéir cumasach, Sam Melbourne, a théann faoin ainm ‘so beautifully raw’ ar Instagram.
Tá an-suim á tharraingt ag na taosráin ealaíonta ó shin agus thuigfeá cén fáth ach breathnú orthu.
Tá gach taosrán mar a bheadh píosa den réaltra ann agus reoán marmaraithe (marbled icing) ar an uile cheann acu, ina bhfuil dathanna éagsúla a shamhlaítear leis an spás le feiceáil orthu, ina measc dubhghorm, corcra agus gorm.
Rinneadh na cácaí beaga a mhaisiú le píosaí éadroma reoáin a lonraíonn mar a bheadh na mílte réalta iontu.
Ar an rud is fearr, is féidir linn féin tabhairt faoi mar go bhfuil an t-oideas agus treoracha curtha ar fáil aici dúinn ar a leathanach Instagram.
Má tá sibh spreagtha le dul i mbun cócaireachta, cuimhnigh gur bonnóga veigeáin atá déanta aici agus nach gá cloí leis an oideas áirithe sin do na taosrán.