Caifé nua dátheangach ar oscailt i mBaile Átha Cliath

 Tá caifé nua dátheangach, ‘Glic Café’, anois ar oscailt ar shuíomh an chúrsa gailf Longmeadows Pitch and Putt i mBaile Átha Cliath. Tá an caifé ar oscailt ó 10.00-15.00 ó Luan go Satharn, agus cuirtear fáilte ann roimh dhaoine atá ag iarraidh a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus a úsáid. 

Bhunaigh an comhairleoir cathrach Hazel de Nortúin, ó Phobal Roimh Bhrabús, an caife i mí Lunasa anuraidh, ach ní raibh deis ann an áit a oscailt i gceart go dtí le déanaí nuair a maolaíodh na srianta Covid. Tá an caifé ar oscailt go lánaimseartha ó shin.

Dúirt Hazel go raibh cúpla ciorcal comhrá agus naíonra a bhunaigh sí féin, ‘An Teanga Bheo’, i mBaile Formaid, ach go raibh sí fós ag smaoineamh faoi bhealach ab fhéidir le daoine i mBaile Formaid deis sa bhreis a thapú a gcuid Gaeilge a úsáid.

“Bhíomar ag smaoineamh cén áit a bhfuil tú in ann a dhul chun do Ghaeilge a úsáid. Tá ciorcal comhrá ann, tá rudaí beaga eile scaipthe sa cheantar mar sin bhí mé ag rá dá mbeimis in ann caifé cineál dátheangach a dhéanamh go bhféadfaí gach rud a mheascadh le chéile,” a dúirt sí le NÓS.

Dúirt sí go bhfuair sí an smaoineamh faoi shuíomh an chaifé ó bheith ag obair leis chúrsa gailf i mBaile Formaid agus ag cuimhneamh go raibh caifé folamh ann, agus d’iarr sí cead ar bhord bainistíochta an chumainn Caith agus Cuir an caifé dátheangach a bhunú ann.

Tá rogha caife, tae, nó seacláid the ar fáil sa chaife, agus is féidir bia a cheannach fos idir bhricfeasta agus lón. Bíonn íogairt, tósta, coirce agus a leithéid ar fáil ar maidin agus anlanna agus ceapairí ann ag am lóin, chomh maith le cácaí milse agus an ‘affogato’ — an mhilseog chaife a dhéantar as uachtar reoite, espresso, caramail an tí, agus cnónna úr-rosta. 

Tá sé ar intinn ag an Hazel ciorcal comhrá lánGhaeilge a chur ar bun uair éigin go luath, ach dúirt sí le NÓS go bhfuil sé deacair a leithéid a phleanáil i láthair ná huaire de dheasca na srianta Covid atá fós i bhfeidhm. Ach in ainneoin na moille seo, tá sí “buíoch go bhfuilimid in ann aon rud a dhéanamh anois leis an chaife” agus nach bhfuil sí ag iarraidh ach go scaipfear scéal an chaifé ar chainteoirí Gaeilge agus ar fhoghlaimeoirí Gaeilge idir an dá linn.

SCÉALTA EILE