Caifé nua Gaelach oscailte i gCorcaigh

Osclaíodh ar maidin ‘preabhchaifé’ nua Gaelach i lár chathair Chorcaí. Tá ‘Pota’ lonnaithe i nGael-Taca ar Ché Uí Shúilleabháin ar bhruach na Laoi, lár-ionad na Gaeilge sa gcathair, agus is iad Diarmuid Ó Mathúna agus Róisín Adams atá ina bhun. Le seachtain anuas nó mar sin, tá Diarmuid agus Róisín dár mealladh le pictiúir áille ar na meáin shóisialta den chaifé agus na maisiúcháin dheireanach á ndéanamh ann, agus den bhia agus deochanna atá ar fáil ann. 

Idir tagines agus churaithe, stobhaigh agus anraithí, potaí teo a bheidh mar phríomhrogha sa chaifé nua. Gealltar go dtarraingeofar ar stíleanna cócaireachta “go leor tíortha agus cultúr éagsúil” agus an bia á réiteach ann ach go mbeifear airdeallach ar bhia a fhástar agus a réitítear go háitiúil i gCorcaigh agus an ceantar máguaird chomh maith. Mar a bheifí ag súil leis i gcaifé maith ar bith, beidh rogha leathan tae, caife agus cácaí milse ar fáil ann freisin. 

Táimid oscailte!!! Buailigí isteach inniu! | We’re open!!! Come on in!

A post shared by Pota (@potacafe) on

Bhí Diarmuid ina chócaire sa House Café sa Cork Opera House le deireanas agus sa mbialann O’Mahony’s of Watergrasshill i dtuaisceart an chontae. Seo an chéad uair dó caifé dá chuid féin a chur ar bun agus deir sé go bhfuil sé ag súil go mór leis an obair. 

“I ngach cultúr dúchasach ar fud na cruinne feictear cineálacha éagsúla potaí teo. Bíonn na miasa seo ag cócaráil leo go mall ar thinte agus ar shoirn, blasanna áille á bhforbairt iontu agus os a gcomhair bíonn daoine ag labhairt lena chéile ina gcuid teangacha dúchais féin. Leis an gcaifé seo, Pota, táim-se ag iarraidh an rud céanna a chruthú,” a dúirt sé. 

Is i nGaeilge a reáchtálfar an caifé nua, ar ndóigh, ach cuirfear fáilte mhór freisin roimh dhaoine nach bhfuil ach beagán Gaeilge acu. Tá biachláir dhátheangacha agus bileoga a bhfuil frásaí Gaeilge orthu ar fáil dóibh siúd nach bhfuil Gaeilge acu agus tá súil ag Diarmuid go gcuirfidh na hacmhainní agus an tacaíocht seo, chomh maith le “hatmaisféar dearfach”, ar chumas gach duine a thiocfaidh isteach go Pota “taitneamh a bhaint as an spás” agus go mbainfidh na custaiméirí uilig “úsáid as pé Gaeilge atá acu”. 

Tá clár imeachtaí filíochta, ceoil, scéalaíochta agus imeachtaí eile cultúrtha beartaithe don chaifé agus cuirfear eolas fúthu sin ar fáil ar na meáin shóisialta sna seachtainí amach romhainn. Beidh Pota ar oscailt i nGael-Taca Máirt go Satharn idir 10am agus 4pm. 

SCÉALTA EILE