COMÓRTAS: Ornáidí Nollag ó Dingle Distillery le buachan

Tá an-áthas ar NÓS a fhógairt go bhfuil an comhlacht Gaeltachta Dingle Distillery tar éis ornáid lán jin a thabhairt dúinn le bronnadh ar dhuine dár léitheoirí.

50ml de jin an Daingin atá sa maisiúchán beag Nollag seo a luaigh Sláine Ní Chathalláin ina halt faoi earraí Ghaeltacht Chorca Dhuibhne an tseachtain seo caite. Is féidir ceann a cheannach ar €18 ar shuíomh Dingle Distillery, ach d’fhéadfá cur isteach ar an gcomórtas s’againne agus ceann a bhuachan gan pingin rua a chaitheamh air!

Níl le déanamh agat ach dul chomh fada le leathanaigh NÓS ar na meáin shóisialta, clib a chur ar an gcara lena n-ólfadh tú an deoch ann, agus a rá linn cén sórt dí atá san ornáid ghalánta seo.

Ar Twitter: Déan athghiolc le trácht (quote-tweet) ar an ngiolc seo, cuir clib ar an gcara lena n-ólfadh tú an deoch ann, agus abair linn cén sórt dí atá san ornáid.

Ar Instagram: Tabhair croí don phictiúr seo, cuir clib sna tráchtanna ar an gcara lena n-ólfadh tú an deoch ann, agus abair linn cén sórt dí atá san ornáid.

View this post on Instagram

A post shared by NÓS (@nosmag)

Ar Facebook: Tabhair ordóg don phostáil seo, cuir clib sna tráchtanna ar an gcara lena n-ólfadh tú an deoch ann, agus abair linn cén sórt dí atá san ornáid.

Tá ornáid ó Dingle Distillery le bronnadh againn ar dhuine ár léitheoirí. Sonraí an chomórtais san alt!

Posted by NÓS on Dé Luain 30 Samhain 2020