Is minic a shíntear amach lámh i dtreo an bhanana bhuí agus go bhfágtar an banana bocht a bhfuil spotaí dubha air ag lobhadh leis go ceann tamall eile.
Meancóg is ea é, a chairde!
Is cosúil go bhfuil dul amú orainn agus tús áite á thabhairt againn don bhanana buí, de réir taighde a rinneadh sa tSeapáin, a léiríonn gur fearr i bhfad na buntáistí sláinte a bhaineann le bananaí atá breá aibí.
Thuigfeá go furasta cén fáth a bhfuil an banana mar rogha na coitiantachta i go leor bocsaí lóin.
Áisiúil agus milis, gan sú ag sileadh uaidh, is toradh é an banana a chothaíonn mothú deas lán i do bholg ar feadh cúpla uair an chloig tar éis a ite.
An fhoinse is fearr ó thaobh an photaisiam de, tá an banana á cheiliúradh mar bhia ilchothaitheac le fada, mar gheall ar an leibhéal ard d’fhrithocsaídeoirí agus snáithíní a fhaightear ann.
Nuair a chuirtear banana i gcomparáid le húll mar shampla, tá 4 oiread an méid próitéine ar fháil ann, dhá oiread na gcarbaihiodráite, dhá oiread na vitimíní agus 5 oiread an iarainn.
Tá buntáistí eile luaite leis, a bhaineann le réimse leathan rudaí ó mheabhairshláinte a fheabhsú, meatáin agus cnámha a láidriú, brú fola a ísliú, agus iatacht, póiteanna nó tinneas boilg a laghdú.
Anois táthar ag moladh go bhfágtar ár gcara buí amach ar feadh roinnt laethanta eile le go mbainfear tairbhe as in aghaidh na hailse.
Dé réir mar a lobhann bananaí, ardaíonn leibhéal an TNF (Tumor Necrosis Factor) sa bhanana, a thagraíonn don ábhar a théann i ngleic le cealla mínormálta sa chorp, cealla is cúis le hailse.
Go bunúsach, cuireann sé bac ar fhás agus scaipeadh na gceall siada sa chorp.
Banana dubh sa lá as seo amach, a Nósadóirí!