Déan do chitseap, & subh, féin!

Aodh Ó Corcráin ina chónaí i dtuaisceart Thír na mBascach, áit a bhfuil sé i mbun gníomhaíochta, agus cócaireachta, i mbaile beag cósta. Gach seachtain cuireann sé oideas ar fáil do léitheoirí NÓS agus d’éisteoirí Raidió na Life – is féidir éisteacht lena mhír bhia ar chlár maidine an stáisiúin, An Bricfeasta Blasta, anseo thíos. An tseachtain seo… bia leasaithe!


Agus ráithe an fhómhair anois i réim, ní mór dúinn smaoineamh faoi thorthaí an tséasúir seo a leasú (preserve) le go mbeidh siad le blaiseadh againn fríd an gheimhreadh.

Tá sean-traidisiún leasaithe againn in Éirinn le fada an lá.

Deirtear fiú ag mbíodh trádálaithe Spáinneacha ag ceannach scadán saillte ó mhuintir Chiarraí suas go dtí an chéad leath den 20ú aois.

Bhíodh ar gach dream ar dhroim an domhain seo a gcuid bia a choinneáil dóigh éigin agus ba thrua mór é dá mba rud ann gur chaill muid na nósanna agus scileanna seo mar gheall ar domhandú, ollmhargaí agus an reoiteoir.

Seo cúpla oideas chun tú a spreagadh le dhul amach agus bia an tséasúir seo a aimsiú agus a leasú do na míonna amach romhainn.



Subh mhilis

subh

An t-am seo den bhliain, is féidir sméara dubha agus súnna craobh a fháil ar fud na tíre.

Is fiú go mór iad a aimsiú agus do shubh féin a dhéanamh leo.

Is maith na cuimhní atá agam i m’óige ag bailiú sméara dubha – lá den scoth amuigh má tá paistí óga agat.

– 1kg sméara
– 500 kg siúcra
– 50g im
– (sú líomóide más maith leat)

Cuir gach rud i bpota trom agus téigh é go dtí go mbíonn sé ar fiuchadh.

Laghdaigh an teas agus lig dó cócaireacht ar feadh thart ar 30 bomaite, á mheascadh go minic.

Nuair atá an dlús ceart agat, cuir isteach i gcrúiscíní steirilithe an subh agus lig dó fuarú.

Cuir clár ar a bharr agus coinnigh é.

Agus é oscailte, coinníonn sé ar feadh suas go mí.


Citseap trátaí

citseap

Ma tá duine ar bith agaibh ag fás trátaí sa teach nó sa teach glas, seo dóigh dheas lena gcoinneáil fríd an fhómhar.

– 2 oinniún
– 1 kg trátaí
– 2 clóbh gairleoige
– 200g siúcra
– 200ml fínéagar

Déan na hoinniúiní a chócaireacht ar dtús go mall leis an ghairleog.

Tar éis sin, caith na trátaí isteach.

Tar éis 15 bomaite, cuir gach rud isteach i gcumascóir agus measc.

Cuir an sú fríd chriathar faoi dhó.

Cuir é ar ais i bpota leis an siúcra agus an fínéagar agus lig dó laghdú do dtí go bhfuil cuma citseap, nó anlann dearg, air.

Cuir i mbuidéal steirilithe é.


Scadán picilte

scadan

Sa mhír thuas ar Raidió na Life, labhraím faoi iasc leasaithe in ola.

Is féidir sin a dhéanamh agus molaim go mór é ach seo oideas eile – ó Chríoch Lochlann – chun iasc a coinneáil.

Tá sé thar am gur fhoghlaim muid ó thraidisiún cócaireachta na dtíortha sin nó go bhfuil go leor cosúlachtaí san aimsir agus sna táirgí.

– 4 filléad scadáin
– 1 cupán salainn
– 5 cupán uisce
– ¼ cupán siúcra
– 2 cupán fínéagair
– 3 clóbh gairleoige
– 1 taespúnóg síolta mustaird
– 3 duilleog labhróige (bay leaf)

Déan ceithre cupán uisce a théamh agus cuir an salann leis.

Lig dó fuarú agus cuir an scadán isteach ann.

Lig dó ar feadh 24 uair.

Cuir gach rud eile sa phota agus téigh é go dtí go bhfuil sé ar fiuchadh, bain as an teas é agus lig dó fuarú arís.

Bain an scadán amach as an sáile agus cuir é isteach i bprócaí. Doirt an meascán ar a bharr.

Is féidir iad a choinneáil ar feadh míosa.

SCÉALTA EILE