Deoch an… bhóthair?


Cónaí ort sa chathair?

Cumha ort i ndiaidh thithe tábhairne traidisiúnta na hÉireann?

Is féidir leis ‘An Síbín’ teacht chugatsa don deireadh seachtaine, ar phraghas.

Tógadh an teach tábhairne beag seo ar rothaí, le go leor spáis do dheichniúr, dhá bheoir ar sconna agus é lán pictiúirí agus bric-a-brac traidisiúnta Éireannach.

John Walsh as contae na Gaillimhe (ní an léachtóir Gaeilge, Eag.) a rinne agus é i gceist aige An Síbín a chur ar fáil dá fhostaithe agus cairde, ach léiríodh an méid sin suime sa tigín gur bheartaigh sé ar é a ligean amach ar cíos.

pub2

Ceannóidh €1,500 deireadh seachtaine leis An Síbín do do chóisir, bainis nó aon imeacht eile, agus tá sé ar an aon teach tábhairne dá chineál sa tír.

Chruthaigh agus dhíol Walsh ceann eile, agus é thall sna Stáit Aontaithe.

Dá ndéarfá le do mhuintir fadó go mbeadh síbín ar rothaí…

SCÉALTA EILE