Agus an aimsir chomh deas sin i mbliana, tháinig agus d’imigh an geimhreadh i ngan fhios do bhanríon na cistine fiáine, Oonagh Ní Dhuibhir, agus í ag tóraíocht léi amuigh sa dúlra.
Cé go bhfuil sé fós luath san Earrach, tá neart bianna blasta ar fáil faoi láthair, ach muid a bheith ar an eolas fúthu.
Is iomaí buntáiste a bhaineann le bia fiáin, é séasúrach, áitiúil, sláintiúil, cothaitheach, saor agus thar a bheith blasta.
Seo rogha Oonagh de 5 chineál bia ar féidir linn iad a thóraíocht an t-am seo bliana.
1) Tom aitinn (gorse)
Bíonn an t-aiteann faoi bhláth cuid mhaith den bhliain ach thabharfá faoi deara níos mó anois é ó tharla an duilliúr a bheith ar an ghannchuid.
Ar lá scamallach, bíonn cuma aoibhinn ar an aiteann, é mar a bheadh splanc buí óir a lasann an tírdhreach.
Tá sé an-phraiticiúil chomh maith agus bíonn i gcónaí fínéagar aitinn sa stór ag Oonagh.
Cuir na bláthanna buí ar maos i bhfínéagar maith agus fág ann iad ar feadh seachtaine.
Síothlaigh agus beidh an fínéagar fíorbhlasta agat ar féidir é a úsáid sa chistin.
Tugtar “cnó cócó na hÉireann” ar an aiteann mar gheall ar an bholadh álainn atá le brath uaidh.
Tá sé an-bhlasta in uachtar reoite freisin mmmmmm!
2) Garbhlus (cleavers nó goosegrass)
Má thagann tú ar fhothain nádúrtha ar bith sa dúlra d’fhéadfá brath ar gharbhlus a bheith ag fás.
Planda sraoilleach atá ann, a ghreamaíonn de do chuid éadaí agus d’aithneofá ar an dóigh sin é.
Tá sé iontach blasta faoi láthair ó tharla na plandaí úra a bheith ag teacht chun cinn.
Amh nó cócaráilte, is féidir an t-iomlán a ithe.
Tá sé go haoibhinn i sailéid nó is féidir é a chaitheamh isteach le suaithfhriochadh.
Ag tarraingt ar dheireadh an tsamhraidh, is féidir na síolta a mheilt agus a úsáid in áit caife agus é níos deise ná aon chaife!
3) Spaigití mara
Tá an fheamainn seo i measc an chuid is ansa le hOonagh go cinnte.
An t-am seo bliana is fearr i bhfad lena tóraíocht.
Fásann sí ó chnaipe a bhíonn greanta ar imeall carraige.
Beidh ort í a ghearradh ach bí cinnte go bhfágann tú an tríú chuid di taobh thiar díot le go mbeadh sí in ann fás arís.
Is minic a itheann Oonagh an spaigití mara i sailéid, tar éis í a chur ar maos thar oíche i maranáid anlann soighe agus sinséir.
Is féidir í a úsáid in áit gnáthspaigití freisin.
Geallann an bhanríon fhiáin nach mbeidh suim dá laghad agat pasta a ithe feasta tar éis duit an spaigití seo na farraige a bhlaiseadh.
Aimsigh trá ar a bhfuil fáil agat dul amach ar na carraigeacha nuair atá lag trá ann.
Mar a luífeadh gruaig fhada ar bharr uisce, is furasta an spaigití mara a aimsiú!
4) Feamainn dhearg (nori)
“Máthair na Farraige” í an fheamainn seo, ar a thugtar sa tSeapáin.
Feamainn gheimhridh is ea í a úsáidtear le duilleoga sushi a dhéanamh.
Fásann sí ar charraigeacha agus d’aithneofá go furasta í mar gur cosúil don domhan mór gur mála plaisteach dubh atá ann a ghreamaigh den charraig.
Tar éis í a bhaint ón charraig agus a ní go maith, cuir ar suanbhruith í in uisce agus anlann soighe.
Déanfar taos álainn di is féidir a chur ar chraicir.
Is é an fíor-umami é.
5) Duilleoga caisearbháin
Labhair Oonagh faoin bholgán caisearbháin roimhe ach tá na duilleoga iontach faoi láthair.
Níl aon chuid den bhlas searbh sin a shamhlaítear leo nuair atá siad faoi bhláth i gceist.
Sula dtagann sé faoi bhláth, bíonn blas milis ar na duilleoga.
Ithigí bhur sáith mar gur tonaic iontach é a thabharfaidh spreagadh don chorp!
Tá na plandaí ar fad a luaitear anseo agus eile ar fáil i leabhar nua Oonagh Ní Dhuibhir. Tabhair cuairt ar a suíomh anseo.