Dul i bhfiáin san fhómhar

Séasúr iontach atá san fhómhar le cnónna, caora agus bianna blasta eile a aimsiú.

Is iomaí buntáiste a bhaineann le bia fiáin, é séasúrach, áitiúil, sláintiúil, cothaitheach, saor agus thar a bheith blasta.

Oonagh Ní Dhuibhir, banríon na cistine fiáine, ar ais lena rogha de 5 chineál bia ar féidir linn iad a thóraíocht an fómhar seo.


1) Mogóirí Róis (Rosehips)

rose

Agus tú i dul i bhfiáin sa dúlra, tabharfaidh tú faoi deara go bhfuil cúpla cineál mogóir róis ag fás faoi láthair sna sceacha.

Ar na cinn is coitianta tá an fheirdhris (dog-rose), a mbíonn mogóir ciorclach dearg álainn ag fás air.

Coinnigh súil amach freisin do rós ‘rugosa’ na Seapáine atá le fáil go tréan an t-am seo bliana.

Aithneofar an rós ‘rugasa’ mar go bhfuil na mogóirí an-chosúil le húlla beaga.

Tá 20 oiread níos mó vitimín C ar fáil iontu ná mar atá in oráistí; mar sin, tá siad thar a bheith maith duit.

Cé go bhfuil na duilleoga ag titim de na craobhacha faoi láthair, ba cheart go bhfanfadh na mogóirí tamall eile.

Bailigh iad a fhad agus atá siad ar fáil, a chairde.

Déanann siad síoróip bhlasta, nó mura bhfuil tú ag iarraidh am a chaitheamh le sioróip, d’fhéadfá fínéagar mogóir róis fíorbhlasta a dhéanamh astu.

Cuir dornán nó dhó díobh i mbuidéal glan folamh agus caith braichfhínéagar nó leann úll isteach leo.

Déanfaidh sé anlann sailéid álainn duit ar féidir leat úsáid a bhaint as i gcaitheamh na bliana.


2) Fréamh Caisearbháin (Dandelion Root)

dand

Cé go bhfuil bláth an chaisearbháin imithe faoin am seo, tá na duilleoga fágtha mar a bheadh iarsmaí inaitheanta dúinn agus muid sa tóir ar na fréamhacha atá sa talamh thíos fúthu.

Is é an fómhar an t-am is fearr ar fad le haghaidh fréamhacha caisearbháin.

Má thagann tú ar chaisearbháin a bhfuil cré dheas bhog fúthu ar féidir dul ag tochailt inti go furasta, déan amhlaidh.

Nigh agus triomaigh na fréamhacha.

Cuir ag róstáil iad san oigheann nó ar fhriochtán tirim.

Gearr dhá fhréamh ina slisíní agus cuir iad i bpota a bhfuil leathphionta uisce the ann.

‘Caife Caisearbháin’ a thugann Oonagh ar an deoch fhíorbhlasta a dhéantar den uisce.

Tá sé níos deise arís má chuirtear spúnóg meala leis agus cúpla faighneog chardamaim.

Téigh na putóga le cupán deas te de! Mmm…


3) Míobhán (Pepper Dulse)

pepper

Tháinig banríona na cistine fiáine ar chineál duilisc an lá faoi dheireadh ar a dtugtar míobhán.

Is minic a thugtar strufal (truffle) na farraige air freisin mar go bhfuil blas álainn muisiriúin air.

I ndomhan na feamainne, tá an míobhán beag bídeach agus tá dath láidir corcra air.

Tagann borradh mór faoi tar éis an tsamhraidh agus gheobhaidh tú é ag fás ar charraigeacha gar don fharraige.

Tá sé go haoibhinn ar fad in uachtar agus mar anlann pasta, nó d’fhéadfá é a thriomú agus a mheilt agus é a úsáid mar tharsann (condiment) i gcaitheamh na bliana.


4) Airní (Sloe Berries)

sloe

Fásann airní ar an draighean, an sceach as a ndéantar an tsail éille, nó an maide draighin, go traidisiúnta.

Caora dubhchorcra searbha atá sna hairní.

Tá siad lán peictine agus thar a bheith úsáideach má tú ag iarraidh torthaí a théachtadh le haghaidh sú.

Más fearr leat biotáille airní (sloe-gin) a dhéanamh, níl le déanamh agat ach dornán airní a phiocadh agus a chur i mbuidéal le siúcra agus é a líonadh le jin.

Croith an buidéal ar feadh 20 soicind gach lá sa chéad choicís agus is féidir leis suí ansin go dtí an Nollaig, nuair a bheas deoch álainn bhándearg agat le roinnt ar na cuairteoirí a thagann chun an tí.


5) Sceachóirí (Haw Berries)

haws

“Nuair a theipeann ar na torthaí ar fad, beidh ann don sceachóir”.

Tá iomrá ar an sceach gheal, nó crann na síog, sa mhiotaseolaíocht.

Idir na bláthanna agus na caora, is iomaí iontas atá ar fáil sa chrann dhúchasach seo.

Úsáidtear na bláthanna ar fud na cruinne i leigheas croí, cé nach ndéanann muid amhlaidh in Éirinn, aisteach go leor.

Is é an rud is simplí le hullmhú as bláthanna sceachóirí ná tae álainn.

Níl le déanamh ach na bláthanna a fhágáil in uisce te.

Agus é lán maitheasa, moltar go mór an bláth céanna má tá strus ort mar go suaimhníonn sé an corp.


Beidh leabhar nua le hOonagh ag teacht amach go luath ina bhfuil treoracha agus noda a chuideoidh leat tuilleadh bia fhiáin a tharraingt isteach i do chuid cócaireachta. Tuilleadh eolais: Wild Kitchen

SCÉALTA EILE