“Caidé a bheas againn don dinnéar anocht a Aoidh?”
“Sailéad, bhí mé ag smaoineamh.”
“…le caidé?”
“Sailéad.”
No, níl mé ag magadh agus níl mé ag cailleadh mo mheabhair, is maith liom sailéad don dinnéar nó don lón.
Bíonn daoine anseo in Éirinn ag amharc ar an phláta glas seo mar mhias a théann in éineacht le rud éigin eile ach i bhfírinne is béile mór breá é ann féin.
Anois go bhfuil mé amuigh as an chlóiséad, ba mhaith liom sibh a mhealladh i dtreo shaol na sailéad.
Ar dtús, cosúil le gach béile, bíonn bunfhoirmle de dhíth, agus seo é:
Duilleog + Próitéin + Saill + Blastán
Má leanann tú na céimeanna simplí seo, ní rachaidh tú ar strae agus gheobhaidh tú cothú ceart.
Seo pláta samplach ag cloí leis an fhoirmle:
Leitís + Cearc + Cáis + Fínéagar/Ola/Crème fraîche
nó Spionáiste + Sicphiseánaigh + Cnó Caisiú + Ola
Anois, tá sin agat? Go maith.
Bí cruthaitheach agus cuir rudaí eile le do chuid sailéad de réir a chéile.
Mar shampla, triail glasraí, torthaí nó carb de chineál éigin a mheascadh fríd.
Rudaí ar nós duilleogaí difriúla, tuinnín, pónaire borlotti, feta, oinniún dearg friochta, meacan dearg, raidis, fraochán gorm, cous-cous…
Tchífidh tú gan mhoill gur mias den scoth é an sailéad a bhfuil neart féidearthachtaí ag baint leis.
Agus má choinníonn tú leis an bhunfhoirmle thuas, agus leis na trí ghné seo den chomhábhar, beidh béile iontach agat:
1. Blas
2. Séasúr
3. Cothú
Sin é saol na sailéad mar sin, bígí linn.
Tá siad thar bheith sláintiúil, furasta le cur le chéile agus tá éagsúlacht blasanna ann… caidé eile a bheadh uait?