Feamainn: Sárbhia gan sárú

Tá an t-ádh liom cónaí cois farraige, ag féachaint amach ar an Aigéan Atlantach.

Uaireanta, feicim mo chomharsana ag bailiú feamainne agus braithim éad leo.

Tá dúil dochreite agam i gcúrsaí bídh chomh maith le suim sa dúlra.

Ba bhreá liom feamainn a bhailiú in éineacht leo.

Ach suas go dtí mí ó shin, bhí eagla orm amhlaidh a dhéanamh.

Cheapas go mbaileoinn an fheamainn mhícheart nó go mbaileoinn ó áit thruaillithe í agus go mbeinn breoite dá bharr.

Chuir Darach Ó Murchú, saineolaí ar an ndúlra agus ar chúrsaí foráiste, an ruaig ar an eagla seo.

Thug sé mise agus deichniúr eile a shiúl cois farraige le lag trá.

Mhúin sé dúinn conas feamainn inite a aithint agus a bhailiú.

Duileasc bándearg, carraigín lingeach agus sleabhac sleamhain (laver) – bhailíomar iad seo agus go leor eile agus múineadh dúinn conas iad a ullmhú le n-ithe.

sharon-carrageen

Tá níos mó daoine ag cur suime i bhfeamainn ná mar a bhíodh.

Léiríonn an t-éileamh atá ar leabhair cosúil leis an Irish Seaweed Kitchen le Prannie Rhatigan é seo.

“Foilsíodh mo leabhar in 2009 agus tá i bhfad níos mó suime ann inniu ná mar a bhí ag an am,” a deir Prannie.

“Tuigeann daoine anois go bhfuil maitheas sa bhfeamainn.”

Seo eolas a bhí ag ár sinsear fadó.

Luaitear sna hannála na manaigh ar Sceilig Mhichíl ag bailiú feamainne agus Naomh Bréanainn ag tabhairt feamainne leis ar aistear fada farraige, mar go raibh a fhios aige go dtabharfadh an fheamainn cosaint dó ó ghalar an tochais agus a leithéid.

Bhain muintir Oileáin Árann tairbhe as mar leasú dá gcuid tailte.

Baineadh úsáid as carraigín chun casachtach agus slaghdáin a leigheas.

Agus tá áiteanna cosúil le Baile an Bhuinneánaigh ann go fóill inar féidir folcadh feamainne a thógaint chun do ghruaig agus do chraiceann a chothú.

Bheadh an t-eolas seo caillte murach go raibh daoine cosúil le Darach, a d’fhoghlaim óna mháthair i gCiarraí, agus Prannie, a d’fhoghlaim óna hathair i Sligeach.

Sna 1970í is cuimhin le Prannie nár bhailigh éinne seachas a clann féin feamainn.

“Ceapadh gur comhartha ab ea é go raibh tú beo beocht,” a deir sí.

Tá an deacadh seo ag athrú anois mar go dtuigtear an luach atá leis.

“Tá gach rud a chothaíonn an duine daonna le fáil sa bhfeamainn, na vitimíní, mianraí agus dúile go léir,” arsa Darach.

“Tá vitimín B12 ann fiú.

“Ní fhaightear é sin ach i dtáirgí feola de ghnáth.”

Tá deich n-uaire an méid cailciam i bhfeamainn is atá i mbainne na mbó.

Tá dhá uair an méid vitimín C is atá in oráistí agus suas le 50 uair an méid iarainn is atá i spionáiste.

“Níl aon phlanda eile cosúil leis,” arsa Prannie.

Ní hiad daoine a bhfuil suim acu i gcúrsaí bia agus cothú amháin ar suim leo an fheamainn.

Dar le hEagraíocht Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe, is fiú $5 billiún an fheamainn a ithtear gach bliain.

Má chuireann tú an fheamainn a úsáidtear i leasú, cosmaidí agus cóigisíocht leis seo, is léir go bhfuil an-chuid airgid le déanamh as.

feamainn-1

Pobal feamainne i mbaol

Anseo in Éirinn, tá pobail atá ag bailiú feamainne leis na cianta á mbagairt ag comhlachtaí móra atá ag iarraidh nach mbeadh cead ag éinne feamainn a bhailiú seachas iad féin.

I gCuan Mó i Maigh Eo, tá siad ag cur ina choinne seo.

“Tá feirmeoirí agus iascairí an cheantair seo ag bailiú feamainne leis na céadta bliain,” arsa John Lambe, Cathaoirleach an Clew Bay Seaweed Association.

“Níor cheart go gcaithfidís cead a lorg ó éinne.”

Faoi láthair, tá comhairle an Ard-Aigne á lorg maidir le cearta na ndaoine seo.

“Ní hiad muintir Chuan Mó amháin atá i mbaol,” arsa John Lambe.

“Tá pobail ó Dhún na nGall go Contae an Chláir faoi bhagairt mar go bhféadfaí an mhaoin nádúrtha seo a bhaineann linn go léir a dhíol le comhlachtaí príobháideacha.”

Tá súil ag Prannie Rhatigan go réiteofar an scéal i slí a sásóidh gach duine.

“Ba bhreá liom na comhlachtaí móra a fheiscint ag comhoibriú leis na pobail bheaga,” a deir sí.

“D’fhéadfaidís foghlaim óna chéile.”

Bhí feamainn lárnach i saol ár sinsear.

Dóbair gur cailleadh an saineolas go léir a bhaineann leis an bhfeamainn ach, le blianta beaga anuas, tá tuiscint nua á fáil againn ar cé chomh tábhachtach agus úsáideach is atá sé.

Is é an dualgas atá orainn anois ná a chinntiú go ndéanfar bainistú ceart air.

“Maoin luachmhar is ea an fheamainn agus is luachmhaire a bheidh sé amach anseo,” arsa Prannie.

“Caithfimid foghlaim conas leas a bhaint as ar bhealach a thabharfaidh cosaint dó dos na glúinte le teacht.”

Maidir liom féin, níl eagla orm roimh an bhfeamainn a thuilleadh.

Beidh mé le feiscint á bailiú in éineacht le mo chomharsana amach anseo.

SCÉALTA EILE