Déanann Seán Mac Maoláin cur síos ina dhírbheathaisnéis ar an mbácús inar oibrigh sé ar feadh tamaill i mBéal Feirste ag tús an 20ú haois agus ar an gcleas a bhí ag an úinéir Protastúnach le fáil amach an Protastúnach nó Caitliceach a bhí in oibrí nua.
Seachas iarraidh ar an bhfostaí nua cén reiligiún a bhí aige, rud a d’fhéadfadh deacrachtaí a chruthú, chaitheadh úinéir an bhácúis súil ar lón an duine nua an chéad Aoine a bhí sé ag obair dó. Dá mba dhuine “díobh féin” a bhí ann, “níor shiúrálta ceann ar a cholainn ná rud éigin mairteola nó muiceola a bheith ar ceapaire aige”. Ar an láimh eile, ba mhaith a d’aithneofaí gur Caitliceach a bhí ann mura raibh ach “ubh bhruite nó píosa de cháis” le n-ithe aige.
Óir bhíodh sé de nós ag Caitlicigh an tráth úd staonadh ón bhfeoil ar an Aoine. Ba ‘feoilséantóirí’ iad, is é sin le rá, ‘shéanaidís feoil’ orthu féin. Cé go bhfuil an gnás imithe i léig anois seachas ar Aoine an Chéasta, maireann ‘feoilséantóir’ mar aistriúchán coitianta ar ‘vegetarian’ sa lá inniu.
Ach má chuimhnímid ar stair an fhocail ‘feoilséantóir’, ní dócha gur aistriúchán cruinn é ar an gcoincheap Béarla, vegetarian. Óir is gnách do ‘vegetarian’ fanacht amach ón iasc anuas ar an bhfeoil, cé go raibh cead ag an bhfeoilséantóir iasc a ithe ar an Aoine sa traidisiún Caitliceach. Is dá bharr sin go bhfuil focal nua cumtha ag an gcoiste téarmaíochta dóibh siúd a staonann ón bhfeoil agus ón iasc araon: veigeatóir.
Agus líon na veigeatóirí ag dul i méid, sílim gur cheart dúinn plé a dhéanamh ar an ngéarchoimhlint atá ann faoi láthair idir an focal críonna ‘feoilséantóir’ agus an focal óg fuinniúil ‘veigeatóir’, mar sin.
B’fhearr liom an focal ‘feoilséantóir’ toisc go bhfuil stair shóisialta na teanga fite fuaite ann agus go scarann sé an Ghaeilge amach ó theangacha Eorpacha eile a bhfuil rud éigin cosúil le vegetarian acu de ghnáth (m.sh. vegetariano san Iodáilis, végétarian sa Fhraincis). Ach ag an am céanna níl feoilséanadh go hiomlán cruinn mar chur síos ar an gcoincheap veigeatórach. In ainneoin nach bhfuilim an-tógtha le ‘veigeatóir’, mar sin, is maith ann dó.
Is cosúil nach bhfuil pobal na Gaeilge tar éis socrú ar cheachtar acu go fóill, ámh: bíonn an dá fhocal le feiceáil beagnach chomh minic lena chéile. Ar Gaois.ie tá 22 toradh do ‘feoilséantóir’ agus 19 toradh do ‘veigeatóir’. Ar Google tá 3,550 toradh ann do ‘feoilséantóir’ agus 2,800 do ‘veigeatóir’. Tá feoilséantóir beagáinín chun tosaigh, mar sin, ach tá iomaíocht ghéar eatarthu, agus ní léir go fóill ag cé acu a bheidh an lámh in uachtar.
Is ar veigeatóir a chuirfinn mo chuid airgid. Faoi mar a fheictear domsa é, tá ‘feoilséantóir’ ag dul i léig agus ‘veigeatóir’ ag teacht in inmhe. Is focal réasúnta nua é ‘veigeatóir’ – níl sé i bhfoclóir Uí Dhónaill —agus ina ainneoin sin tá ag éirí leis dúshlán a thabhairt don seanóir críonna, ‘feoilséantóir’.
Mar sin féin, seans go dtiocfaidh feoilséantóir slán toisc gur dea-eiseamláir é de shaibhreas na teanga. Tá an-chion ag lucht tvuíteála air ach go háirithe, dream a bhíonn ag iarraidh áilleacht agus aisteachas na Gaeilge a chur os comhair an tsaoil. Féach ar an bhfiosracht agus ar an tsuim a spreagann sé ar Twitter.
Dúirt tráchtaire amháin agus í ag tagairt do tvuít ar an mbrí litriúil atá ar fheoilséantóir as Béarla, ’meat-denier’: “judgy to me, but I like it”. Is dócha go gceapann Abeir gur focal cineál díspeagúil é feoilséantóir a chuireann in iúl go bhfuil rud éigin frithshóisialta ag baint leis an staonadh ón bhfeoil. Tá fírinne áirithe ag baint leis seo – cuireann an focal béim ar an gcaoi gur gá diúltú don fheoil má éiríonn tú as – ach ní téarma díspeagúil é. Ach sa traidisiún Caitliceach breathnaíodh ar an staonadh ón bhfeoil mar ghníomh dearfach a rinneadh in ómós d’Íosa Críost agus a léirigh féinsmacht an té a chloígh leis.
Sa lá inniu is dócha go mbeadh sé níos cruinne ‘pescatarian’ a thabhairt ar ‘feoilséantóir’, duine a itheann iasc ach a sheachnaíonn feoil. B’fhéidir go ndéanfar plé air ar an gcéad chruinniú eile den Choiste Téarmaíochta.