FÍSEÁN: Bia le BLOC

Is as cathair na Gaillimhe ár gcócaire óg, Evan O’Ceallaigh, fear a bhfuil neart taithí sa gcistin aige ainneoin nach bhfuil sé ach 23 bliain d’aois. Chaith sé seal i gcuid de na bialanna is fearr in Éirnin agus thar lear agus tá a chaifé féin aige, The Bare Pantry Café, i gcathair na Gaillimhe anois. Tá a shraith cócaireachta féin aige ar YouTube ina gcuireann sé agallamh le cócairí éagsúla in Éirinn.


Bricfeasta le BLOC — Tósta Francach le compóit rúbarb

Na Comhábhair

300ml Bainne 

2 Ubh 

1 Spúnóg Mhór Siúcra 

Leathspúnóg bheag fanaile 

50g Plúr 

50g Siúcra 

1 Craobh Rúbarb 

1/2 Oráiste 

3 Spúnóg Mhór Siúcra 

Miontas 

Iógart nádúrtha

Siúcra reoáin

An tOideas

Buail an bainne, na huibheacha, siúcra & fanaile 

Cuir an t-arán ar maos sa mheascán 

Measc an plúr & an siúcra agus doirt an meascán seo ar an arán 

Leáigh an t-im agus cuir an t-arán ann nuair a bheidh sé te go dtaga dath air 

Cuir tuilleadh den mheascán plúir ar an taobh eile den arán agus iompaigh iad 

Déan slisíní den rúbarb

Cuir an siúcra ar an bpan agus lig dó caramalú 

Cuir an rúbarb and sú oráiste isteach leis 

Bruith ar feadh 10 nóiméad é go mbeidh sé tiubh 

Cuir an t-arán ar phláta agus an meascán den rúbarb, iógart agus miontas os a chionn. 

ITH É 

SCÉALTA EILE