FÍSEÁN: Bia le BLOC

Is as cathair na Gaillimhe ár gcócaire óg, Evan O’Ceallaigh, fear a bhfuil neart taithí sa gcistin aige ainneoin nach bhfuil sé ach 23 bliain d’aois. Chaith sé seal i gcuid de na bialanna is fearr in Éirnin agus thar lear agus tá a chaifé féin aige, The Bare Pantry Café, i gcathair na Gaillimhe anois. Tá a shraith cócaireachta féin aige ar YouTube ina gcuireann sé agallamh le cócairí éagsúla in Éirinn.


Bricfeasta le BLOC: Uibheacha Benedict ar Mhuifín

Na Comhábhair

1 buíocán uibhe 

½ líomóide, agus an sú bainte aisti 

1 spúnóg boird fínéagar saghdair 

200g im, leáite 

100g mionspionáiste 

1 shlisne de ghambún cócaráilte 

2 ubh 

Síobhas 

Déan dhá leath den mhuifín agus tóstáil sa tóstaer iad.

Cuir an buíocán, sú líomóide, fínéagar agus 2 spúnóg bhoird uisce i mbabhla beag.

Buail an meascán sa bhabhla os cionn sáspan d’uisce te (coinnigh an t-uisce fiuchta ar an sorn).

Cócaráil go dtí go dtiubhaíonn an buíocán beagán, tuairim is 3 nóiméad.

Tóg an babhla den teas. Doirt an t-im te go mall isteach sa mbabhla, coinnigh ort á bhuaileadh.

Le bailchríoch a chur air, scall na huibheacha i sáspan uisce go mbeidh siad réidh. Cócaráil an spionáiste i bhfriochtán le braon ola go mbeidh sé sleabhctha.

Lena chur chun boird, déan dhá leath de na muifíní agus cuir beagán ime orthu.  Leag an spionáiste ar na muifíní. Cuir an liamhás agus ubh anuas orthu agus cuir cúpla spúnóg den anlann hollandaise orthu. 

Cuir síobhas gearrtha orthu mar mhaisiú.

SCÉALTA EILE