Is as cathair na Gaillimhe ár gcócaire óg, Evan O’Ceallaigh, fear a bhfuil neart taithí sa gcistin aige ainneoin nach bhfuil sé ach 23 bliain d’aois. Chaith sé seal i gcuid de na bialanna is fearr in Éirnin agus thar lear agus tá a chaifé féin aige, The Bare Pantry Café, i gcathair na Gaillimhe anois. Tá a shraith cócaireachta féin aige ar YouTube ina gcuireann sé agallamh le cócairí éagsúla in Éirinn.
Múslaí baile le hiógairt agus caora
Na Comhábhair
20g Síol Puimcín
20g Síol Lus na Gréine
20g Cnó Brasaíleach
Spúnóg Meala
Spúnóg Ola
Iógart
Caora
Miontas
An tOideas
Measc an chéad chúig chomhábhar le chéile.
Scar ar stán rósta é gus cur san oigheann ag 180 céim ar feadh 10 nóiméad
Lig dó fuarú
Cuir chun boird le hiógart caora agus miontas
Cuir sláimín meala air
ITH É