Tá áthas ar NÓS comhthogra nua a fhógairt i gcomhar le BLOC – Bia le BLOC.
Is as cathair na Gaillimhe ár gcócaire óg, Evan O’Ceallaigh, fear a bhfuil neart taithí sa gcistin aige ainneoin nach bhfuil sé ach 23 bliain d’aois. Chaith sé seal i gcuid de na bialanna is fearr in Éirnin agus thar lear agus tá a chaifé féin aige, The Bare Pantry Café, i gcathair na Gaillimhe anois. Tá a shraith cócaireachta féin aige ar YouTube ina gcuireann sé agallamh le cócairí éagsúla in Éirinn.
Beidh Evan linn gach seachtain ar ardáin BLOC agus NÓS leis na hoidis is fearr leis ar Bia le BLOC. An tseachtain seo, is ag réiteach an bhricfeasta atá sé!
Bricfeasta le BLOC — Abhacád, tráta agus basal ar arán seagail
Na Comhábhair
Spúnóg mhór riocotta
Spúnóg mhór crème fraiche
Spúnóg ola olóige
Gráinne salainn
1 abhacád
1 tráta mór
4 tráta beag
Cnó péine
Basal
Arán seagaill
An tOideas
Measc an ricotta, an crème fraiche, an t-ola olóige, agus an salann le chéile.
Déan slisní den abhacád agus den tráta mór.
Gearr na trátaí beaga ina gceathrúna.
Tóstáil an t-arán seagail.
Tabhair gach rud le chéile.