Thug Diarmuid Ó Mathúna agus a fhoireann leo an gradam do chaifé na bliana ag searmanas a reáchtáladh ag an deireadh seachtaine i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath. Bronnadh an gradam ar POTA, atá lonnaithe ar an Tulaigh i nGaeltacht Chois Fharraige, as feabhas a bheatha agus a sheirbhíse ag Gradaim Bhialann na Bliana Food and Wine Ireland oíche Dé Domhnaigh.
Deir lucht an chaifé go bhfuil “ríméad” orthu gur roghnaíodh an caifé Gaeltachta mar bhuaiteoir ó ghearrliosta de 15 caifé in Éirinn. Ní hé an bia amháin a bhíonn á mheas agus na moltóirí ag déanamh a gcinnidh ach compord an chaifé agus seirbhís na foirne freisin.
“Ba mhór an onóir dúinn é gur roghnaíodh muid as liosta de chuid de na caiféanna is mó a bhfuil meas againn orthu ar fud an oileáin seo. An chúis gur thug muid POTA ar an gcaifé an chéad lá ná gur breá liom an íomhá de phobal a bheith tarraingthe le chéile thart timpeall ar phota mór bia, sult á bhaint acu as comhluadar a chéile agus scéalta, smaointe – agus bia ar ndóigh – á roinnt go flúirseach.

“Bhí muid ag iarraidh spás fáilteach compordach a chur ar fáil dár gcustaiméirí, agus tacú leis an bpobal láidir bríomhar atá anseo i gConamara Theas. Pobal, inmharthanacht agus ardchaighdeán – sin iad na bunchlocha ar a bhfuil POTA tógtha,” a dúirt Diarmuid Ó Mathúna, úinéir agus cócaire an chaifé.
Is as Corcaigh ó dhúchas do Dhiarmuid, áit ar fhás sé aníos i dteach tábhairne beag tuaithe; ní ón ngaoth a fuair sé a shuim san fháilteachas, mar sin. Thosaigh sé ag obair mar chócaire nuair a chas a dheirfiúr agus a dheartháir céile seantábhairne na muintire (O’Mahony’s of Watergrasshill) isteach ina bhialann – bialann a bhfuil roinnt mhaith gradam bainte anois aici. B
hí Diarmuid “paiseanta riamh” faoin nGaeilge agus mheas sé gurbh fhiú dó an dá mhórspéis sin aige a phósadh agus spás a chur ar fáil ina bhféadfadh an teanga bláthú. Cuireadh oiliúint air i Scoil Chócaireachta Ballymaloe.
Tá POTA lonnaithe thíos staighre i dTigh Johnny Sheáin ar an Tulaigh, díreach in aice le ceannáras TG4. Rinne an comhlacht Fíbín athchóiriú ar an bhfoirgneamh ar fad tamall beag de bhlianta ó shin agus tá neart spáis san fhoirgneamh féin agus taobh amuigh de le suí síos agus ithe.
Is iomaí gradam eile atá buaite ag POTA ó osclaíodh an caifé den chéad uair an bhliain seo caite.