Seo Burns Nicht, an lá a thugtar ómós don bhfile clúiteach, banaí rathúil agus Albanach bródúil, Robert Burns. Go traidisiúnta ársaítear a chuid dánta san oíche anocht, óltar uisce beatha agus itear… hagaois. Mar sin, don lá atá ann, foilsíonn muid anseo argóint Mhíchíl Mhic an Bheatha ar son bheith ag seilg na gcréatúr beag seachas iad a shaothrú ar fheirmeacha.
Tosóidh mé le faoiseamh.
Tá hagaois ite agam, ní amháin sin, ach tá hagaois maraithe agam.
Titfidh roinnt agaibh amach liom láithreach, cén dóigh a mairfeadh duine ar bith hagaois?
Ceann de na hainmhithe is áille agus is soineanta dá bhfuil ann, gan trácht ar a bheith gann.
Taigeis atá orthu i nGaeilge na hAlban ar ndóigh. Haggis scoticus an t-ainm Laidin eolaíochta atá orthu.
Chaith mé tamall thall in Íle na hAlban, tá anois trí bliana ó shin ag toraíocht ar hagaois an oileáin sin, nó mar a deir siad i nGaeilg na háite, bhá mi a’ clubachadh!
Cinnte, clubachadh! Sin mar a mharaíonn tú iad, le stailt chlub orthu (nó dhó in amanna).
Sin an dóigh is éifeachtaí chun iad a mharú, club ceart sa chloigeann, más féidir sin a aimsiú.
Dar ndóigh tá an hagaois allta go huile is go hiomlán cruinn mar sin ní féidir ach saineolaí nó sealgaire maith an cloigeann a aimsiú.
Níl ach duine nó beirt fágtha ar an tsaol gur féidir leo ceann baineann a aithint ó cheann fireann faraor.
Sea, bhuail mé chun bás iad agus ní ghabhaim aon leithscéal as.
Ar bhain mé sult as?
Ar bhealach bhain mar gur rud nadúrtha atá ann ach ar bhealach eile níor bhain, ligeann siad scread olagónach astu atá áit éigin idir amhránaíocht bhinn na míolta móra agus béic scaollmhar choinín óig i mbéal chait.
Cad é sin, “tá tusa uafasach”, a deir tú?
Goille, cuirim ceist ort.
Ar ith tú féin hagaois riamh?
“D’ith,” a deir tú, “ach tháinig sé sin ó fheirm éigin. Cuireadh chun báis é ‘go daonnachtúil’,” a chreideann sibh!
Abair liom, cén cruth a bhí ar do hagaois?
Bhí sé dronuilleogach, nach raibh? Cosúil le hispín mór go díreach.
Nár dhúirt mé ní ba luaithe go mbíonn siad go hiomlán cruinn san fhiántas? Cén fáth an difear mar sin?
Mar gur póraíodh iad sa chaoi sin ionas gurbh fhurasta iad a mharú sa mhonarcha agus gurbh fhéidir leo maireachtáil níos fearr i gcásanna bataire!
Maireann siad sna cásanna sin, beagnach sa dorchadas, gan fáil ar aer úr, gan an tsaoirse ag dul amach, a gcosa beaga bídeacha ar líontán sreinge, agus air sin amháin ó thús a saolta truacánta go dtí an deireadh leo, deireadh a gcuireann siad fáilte roimhe go cinnte.
Maireann na milliúin acu mar sin, an chuid is mó acu ar feadh tamall an-ghairid ar ndóigh, ar feadh a saolta iomlána.
Seo ainmhí beag uasal a d’éabhlóidigh chun maireachtáil i sléibhte maorga Ghaeltacht na hAlban – tiontaithe ina n-ispíní beo ar mhaithe le feoil saor i ‘chippies’ Ghlaschú agus Dhún Éideann.
B’fhearr liom nach mbeadh siad ag fulaingt mar sin, go mbeadh siad beo mar is ceart amuigh san fhiántas ag maireachtáil mar is ceart agus go nadúrtha.
Cinnte, beidh mí-ádh ar chuid acu, seans go dtiocfadh ‘fear clubachaidh’ orthu agus go mbeadh deireadh tobann nó measartha tobann leo ach ba chinnte go mbeadh saol níb fhearr acu go dtí sin.
Do rogha féin, do hagaois dronuilleogach a d’fhulaing a shaol ar fad nó ceann deas cruinn a mhair is a fuair bás agus é san fhiántas!
Tá a fhios agam cén ceann acu a roghnóidh mé féin.