Is ionann bia a cheannach agus vóta a chaitheamh

Tá Aodh Ó Corcráin ina chónaí i dtuaisceart Thír na mBascach, áit a bhfuil sé i mbun gníomhaíochta, agus cócaireachta, i mbaile beag cósta. Gach seachtain cuireann sé oideas ar fáil do léitheoirí NÓS agus d’éisteoirí Raidió na Life – is féidir éisteacht lena mhír bhia ar chlár maidine an stáisiúin, An Bricfeasta Blasta, anseo thíos. Tá oideas scadáin aige dúinn an babhta seo…


Agus mé ag foinsiú táirgeoirí an tseachtain seo, tá an nasc idir an bia agus na daoine a bhfuil baint acu leis go mór chun tosaigh i m’intinn.

Ní amhain go bhfuil sé tábhachtach go n-itheann muid bia maith ach is féidir leis an dóigh a ndéantar an bia dul chun taribhe don tsochaí agus don timpeallacht thart orainn.

Tá an tuiscint seo á cur chun cinn go mór i dTír na mBascach agus tá feirmeoirí, iascairí agus táirgeoirí de gach sórt ag obair lámh ar lámh leis na bialanna agus tomhaltóirí a cheannaíonn an bia.

Mar a dúradh liom ar na mallaibh, is ionann an bia a cheannaíonn tú agus vóta a chaitheamh.

Ní mór dúinn vóta a chaitheamh ar son bia áitúil, atá maith don timpeallacht, nach bhfuil orainn tabhairt as an taobh eile den domhan, atá inbhuanaithe agus a chuidíonn le cúrsaí eacnamaíochta na háite agus muintir na háite ag iarraidh slí bheatha a bhaint amach.

In Éirinn, déantar na ba a thógáil agus a chothú agus ansin is minic a dhíoltar ar phraghas iseal le fir ghnó i Sasana.

Déantar an fheoil a phróiseáil i Sasana agus a dhíol ar ais linn féin ar phraghas níos airde.

A mhalairt atá ag tarlú i dTír na mBascach le comhlachtaí ar nós Herriko Ogia agus Herriko Haragia atá ag táirgeadh bia sa tír, le hábhar as an tír agus díoltar é le daoine a chónaíonn go háitiúil.

Seo oideas beag atá folláin, saor, inbhuanaithe agus ar féidir é a dhéanamh le hábhar Éireannach amháin.



– 2 filléad scadáin
– Dornán cáil
– Dornán prátaí úra
– Clóbh gairleoige
– Im
– Salann
– Piobar dubh

Déan na prátaí a bhruith ar dtús báire.

Is féidir seo a dhéanamh rionnt uaireanta roimh ré nó díreach ag an am céanna.

Bruith an cál ar feadh 5 bomaite.

Caith an scadán ar an fhriochtán leis an im, salann agus piobar dúbh.

Nuair atá an t-iasc reidh, stróic as a chéile é agus caith an ghairleog, na prátaí agus an cál isteach.

Measc gach rud le chéile.

Déanta.


Bíonn An Bricfeasta Blasta ar siúl ar Raidió na Life, Luan go hAoine, ar 8rn-9rn agus bíonn Aodh le cloisteáil gach Céadaoin.

SCÉALTA EILE