Lá Domhanda Uisce Beatha

Agus na Gaeil i mbun agóide agus spraoi ag an Lá Dearg i mBéal Feirste amárach, 20 Bealtaine, beidh uisce beatha in airde i dtíortha éagsúla ar fud na cruinne agus Lá Domhanda Uisce Beatha á cheiliúradh fosta.

Tarlúint thráthúil gan amhras.

Is é Blair Bowan, colúnaí fuisce as Albain, a tháinig ar an choincheap don lá ceiliúrtha in 2012 agus é ina mhac léinn in Ollscoil Obar Dheathain.

“Is é an aidhm atá againn uisce beatha a chur i láthair ar bhealach spraíúil agus taitneamhach le go mbainfeadh daoine sult as,” ar seisean.

Ní deoch é do ghrúpa daoine nó d’inscne ar leith, dar leis, ach deoch do gach duine ar féidir á thógáil le hoighear, le huisce, le meascán, mar chuid de mhanglam, nó cibé dóigh ar mian leat é.

Dúirt Blair gur biotáille iontach é nár cheart go mbeadh aon bhlas “éirí in airde” ag baint leis.

Idir ceardlanna, taispeántais agus ócáidí blasta, tá imeachtaí á reáchtáil ar fud na tíre agus i gcéin inniu a thugann deis do dhaoine níos mó a fhoghlaim faoi na cineálacha fuisce, faoi na próisis dhriogtha éagsúla agus faoi stair an dí, deoch dúchasach de chuid na tíre seo.

Ar ndóigh, is ón Ghaeilge ‘uisce’ nó ‘uisge’ (Gaeilge na hAlban), agus ‘fuisce’ dá réir, a tháinig an focal Béarla ‘whiskey’ agus is minic a thagraítear den fhíric seo agus daoine ag lorg mínithe ar an fhocal clúiteach.

Mura bhfuil imeacht in achar gairid duit, cuirfear fáilte romhat d’imeacht féin a chur ar siúl.

Tá treoracha ar a suíomh ach níl de dhíth ach buidéal fuisce agus cúpla cara!

Sláinte mhaith!

SCÉALTA EILE