‘Má tá oideas maith píotsa uait, faigh d’Iodálach féin’

Más cuimhneach leat mí Mhárta na bliana seo, thart ar an am a bhí lá na máthar ann, scríobh mé alt faoin gcaoi ar thosaigh muid ag déanamh píotsacha chuile sheachtain sa mbaile. Bhuel, ag an am nuair a d’inis mé do bhean m’uncail i Meiriceá, bean de mhianach Iodálach-Mheiriceánach, gur anlann as crúsca a bhí á chur ar na píotsacha baile againn ba bheag nár cailleadh í.

Dá bhrí sin, mhaígh sí go múinfeadh sí dom cén chaoi le haghaidh anlann ceart a dhéanamh nuair a thiocfainn go Meiriceá. Dé Sathairn seo caite a rinne muid é. 

Ó tharla go bhfuil mo chuid tuismitheoirí anseo le cúnamh a thabhairt do mo dheirfiúr bogadh isteach sa gcoláiste, shocraigh mé féin agus m’aintín go ndéanfadh muid dinnéar píotsa do chuile dhuine. Níl aon mhaith léi féin ag déanamh taos píotsa agus bhí ceacht le foghlaim agam féin i ndéantús anlainn mar sin bhí muid cosúil le Jack Spratt agus a bhean. Rinne mise an taos agus rinne sise an t-anlann.

Cheannaigh sí sé cinn de mhealltracha móra cáise mozzarella as deli áitiúil agus uallach rudaí eile le cur ar bharra na bpíotsa. A Mhuire na gCoinneal agus a Mháthair Bheannaithe ní raibh cáis níos blasta agam riamh i mo shaol. Bhí sé chomh bog agus go dtitfeadh sé óna chéile I do chlab agus an blas a bhí ann níos deise ná mozzarella ar bith a bhí riamh agam. Tá uisce le mo chuid fiacla anois ag cuimhneamh air.

Bhí sé chomh deas agus go raibh muid ag gearradh píosaí de agus á dtumadh díreach síos san anlann agus á chaitheamh siar.

Anois, ní raibh aon oigheann speisialta píotsa againn agus is éard a dhéanann muid féin sa mbaile ná iad a chaitheamh díreach isteach san ngnáthoigheann ag 200°C, ach fuair m’aintín oideas a mhol ola olóige a chur ar an mbeárbaiciú, taobh amháin a chócaráil ar feadh 15 soicind, iad a bhaint den ghrill, an t-anlann agus rud ar bith eile a chur ar an taobh cócaráilte, agus ansin é a chríochnú ar an ngreille arís. Mar sin rinne muid leath acu ar an ngreille agus an leath eile san oigheann agus caithfidh mé a rá go mba dheise ar fad na ceanna a bhí ar an mbeárbaiciú. (Níl i m’intinn anois ach an físeán Seáinín Smaoiseach nuair a chuir sé Tadhg Mac Dhonnagáin ag tabhairt amach faoin bhfocal ‘oigheann’ ar an gclár Blaisíní Beatha anois leis an méid uaireanta a scríobh mé an focal ‘oigheann’ ansin).

Sin nós anois le tabhairt abhaile liom. Píotsacha ar an ngreille. Lá scoile é chuile lá, mar a deir an ceann eile.

Anois níl sé triailte agam fós anlann a dhéanamh asam féin ach tá mé ag súil go mór leis mar bhí sé thar a bheith simplí agus thar a bheith blasta. 

Más oideas atá uait, a chara, faigh d’Iodálach féin. Ní hé an chaoi is gur oideas rúnda atá ann ná rud ar bith ach tá mé ró-leisciúil lena scríobh amach anseo.

SCÉALTA EILE